DARA Ó CINNÉIDE: Ar éigean go n-aithnímse cad dó a sheasann an eagraíocht dheonach is fearr sa domhan – CLG

Ní aithneodh CLG é féin dá bhféachfadh sé sa scáthán air féin in 2016. Agus an rud is measa faoin ngéarchéim aitheantais seo atá ag an eagraíocht ná go bhfuil deighilt ollmhór á cruthú de bharr an chogaidh chathartha seo idir cumann agus contae

Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghail. INPHO/Gary Carr
Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghail. INPHO/Gary Carr

Bhí Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Aogán Ó Fearghaíl, le clos ar an Saol ó Dheas ar Raidió na Gaeltachta le linn dó bheith ag freastal ar Chomórtas Peile na Gaeltachta i mBaile Bhuirne le déanaí.

Seo thíos cuid den chomhrá a bhí aige le láithreoir an chláir, Helen Ní Shé:

Helen Ní Shé: Tá tionchar an chomórtais le feiscint go láidir, infheistíocht €800,000. Is fiú go mór tacaíocht a thabhairt don gcomórtas seo nach fiú?

Aogán Ó Fearghaíl:  Is fiú go cinnte. Sé’n rud atá laistiar den gcomórtas seo ná muintir na Gaeltachta a bhailiú le chéile agus muintir na Gaeilge a bhailiú le chéile agus go mbíonn comhluadar agus craic agus chonaic muid é sin san ollphuball aréir. Tá i bhfad i bhfad níos mó i gceist ná an pheil, nó an chaid mar a thugann sibhse air, agus mar a dúirt Seán (Ó Hearcáin) ansan, thosnaigh sé go simplí agus tá sé fíorshuimiúil bheith anseo ag éisteacht le muintir Chonamara ag caint le muintir Chiarraí agus muintir na gConallach agus a gcanúint éagsúil acu uilig ach iad in ann bheith ag labhairt i nGaeilge faoi gach rud faoi chúrsaí ginearálta an tsaoil agus ansin dul amach agus na cluichí Gaelacha a imirt, so is deas an rud é go bhfuil na cluichí Gaelacha agus fís agus meon Gaelach á gcur le chéile i dteannta a chéile.

HNS: Ceann des na gearáin a bhíonn ag cuid de na cumainn ná, mar shampla, anois inniu nuair a bheidh Gaeltacht Chorca Dhuibhne agus Naomh Conaill Dhún na nGall, gan peileadóirí contae bheith ar fáil dos na clubanna, sin cnámh spairne i gcónaí nach ea? An féidir faic a dhéanamh mar gheall air sin?

AÓF: Mar a dúirt mé ag an tús, an rud is tábhachtaí ná an comhluadar. Tá sé i bhfad i bhfad níos tábhachtaí go bhfuil na Conallaigh anseo, muintir Chorca Dhuibhne bheith anseo ná gan iad bheith anseo.

HNS: Ach is maith leis an lucht féachana na himreoirí is fearr a fheiscint.

AÓF:  Bhuel tá a lán comórtaisí eile, an fhealsúnacht atá laistiar den chomórtas seo ná go mbailíonn muintir na Gaeltachta le chéile agus beidh foireann amuigh ansan ar an bpáirc, beidh cúig dhuine dhéag ina gcoinne agus sin an rud is tábhachtaí, go bhfuil siad ann. Tá a lán, lán slite eile i gCumann Lúthchleas Gael gur féidir linn breathnú ar na peileadóirí is fearr so sílim nach ceart bheith ag caitheamh anuas ar an gcomórtas toisc nach bhfuil peileadóirí… a mhalairt ar fad atá anseo. 

HNS: Bhuel b’fhéidir go gceapann daoine eile gur easpa measa ag na contaetha ar na clubanna ná bíonn na himreoirí ar fáil.

AÓF: Bíonn tuairimí mar sin ag daoine i gcónaí agus nuair a chuireann tú an Ghaeilge agus an Ghaeltacht chun cinn, bíonn tú ag snámh in aghaidh an easa i gcónaí. Tá sé fíorthábhachtach go gcoinneoimis ár súile ar an teanga féin agus go bhfuil na cumainn anseo.

Más rud go rabhais ag éisteacht leis an gcomhrá sin, mar a bhíos-sa ag meán lae Dé Luain ar mo shlí soir go Baile Bhuirne, agus más rud é go bhfuil meas agat ar do chumann, is dóigh liom go gcuirfeadh an chaint sin ó Uachtarán CLG iontas agus alltacht ort.

Nuair a toghadh Aogán Ó Fearghaíl mar Uachtarán breis is dhá bhliain ó shin thug sé misneach don uile dhuine sa saol Gaelach go raibh fear a thuig cosmhuintir CLG, fear pobail, fear a labhair Gaelainn, agus ceannaire a dhéanfadh beart de réir briathair beag beann ar ghnásanna tráchtála an tsaoil laistigh agus lasmuigh de Pháirc an Chrócaigh ceaptha chun an eagraíocht a stiúradh don trí bliana amach romhainn.

Bhí géarghá ag an am lena leithéid de dhuine. Bhí an comhlacht teilifíse Sky ag cnagadh ar an ndoras ó thalamh, ba ghearr go ngéillfí don amhailt agus bhí daoine ar fud na tíre a thug a ndúthracht agus a ndílseacht do Chumann Lúthchleas Gael á gceistiú féin agus a ról féin san eagraíocht níos mó ná mar a bhíodar riamh roimhe sin.

Dá mbeadh ceann feadhain a léireodh misneach agus a sheasfadh an fód don bhfear beag agus don gcumann beag sna blianta a lean, léimfeadh na mílte oibrithe deonacha isteach sa bhearna bhaoil in éineacht leis.

Ainneoin a raibh le feiscint agus le braistint i gcás Naomh Abán agus sprid na meithle go tréan le feiscint ar gach aon ghné den deireadh seachtaine, níl an léim mhór sin tarlaithe i mórán cásanna eile.

Tá sprid na tráchtála chomh huileghabhálach sa lá atá inniu ann gur ar éigean go n-aithnímse agus daoine eile, glacaim leis, cad dó a sheasann an eagraíocht dheonach is fearr sa domhan, Cumann Lúthchleas Gael, a thuilleadh.

Ní dóigh liom go n-aithneodh Cumann Lúthchleas Gael é féin dá bhféachfadh sé sa scáthán air féin in 2016. Agus an rud is measa faoin ngéarchéim aitheantais seo atá ag an eagraíocht ná go bhfuil deighilt ollmhór á cruthú de bharr an chogaidh chathartha seo idir cumann agus contae.

Ní raibh i bhfreagra seachantach Aogáin Uí Fhearghaíl ar an Saol ó Dheas an lá deireanach ach an admháil is déanaí gur tábhachtaí na foirne contae anois agus go gcaithfear an ghlúin a fheacadh agus an chonair a ghéilleadh don gcontae seachas iomaire nua a bhriseadh leis an gcumann.

Tá taispeántais fhoireann caide na Gaeltachta tar éis ár gcroíthe a thógaint le roinnt seachtainí anuas lena misneach, lena ndiongbháilteacht agus lena sprid. Tá cúinne casta acu mar ghrúpa ó thús na bliana agus seanfhondúirí ar mo chuma féin tosaithe i mbun aislinge arís tar éis paiste maith agus ár gceann fúinn againn.

Bhí baint nach beag ag bainisteoir Chiarraí, Éamonn Mac Muiris, leis an athbheochan atá ar bun inár gcumann ós rud é gurb é a mhúin agus a mhúnlaigh roinnt dár gcuid imreoirí agus iad ag freastal ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne.

Cé go dtuigim canathaobh go mbeadh fonn ar Mhac Muiris cíoná na buíne sin, Brian Ó Beaglaoich, a choimeád chuige féin sé lá roimh thús chraobh na Mumhan, ní dóigh liom go ndéanfadh sé aon díobháil do lán na beirte acu dá mbeadh Ó Beaglaoich ar fáil chun dul chun páirce lena chomhghleacaithe Dé Luain seo d’imigh tharainn.

Tuigtear dom go rímhaith, leis, go mbeadh an cás amhlaidh ag Naomh Conaill agus iad ag cásamh Leo McLoone.

Ach ní chuige sin atáim.

Déanfaidh bainisteoirí contae ar nós Mac Muiris agus Rory Gallagher mar a dheineann bainisteoirí contae i gcónaí i gcás Chomórtas Peile na Gaeltachta agus go n-éirí san leo. Ach ná bíodh sé le rá ag Uachtarán CLG linn go bhfuil “a lán, lán slite eile i gCumann Lúthchleas Gael gur féidir linn breathnú ar na peileadóirí is fearr”. Ní thiocfaidh Comórtas Peile na bliana 2016 thar n-ais don gcumann againne, ní fhanann an óige agus b’fhéidir ná beadh againn, mar a bhíonn ag scata foirne tuaithe, ach seal fé bhláth.

Ba mhaith liom a chur in iúl nach bhfuilim ag labhairt thar ceann Chumann Caide na Gaeltachta sa mhéid atá ráite thuas agam agus ná fuil inti ach tuairim phearsanta.

Faoi mar a dúirt Aogán Ó Fearghaíl san agallamh le Helen Ní Shé, “bíonn tuairimí mar sin ag daoine i gcónaí agus nuair a chuireann tú an Ghaeilge agus an Ghaeltacht chun cinn bíonn tú ag snámh in aghaidh an easa i gcónaí”.

Ba dheas liom a shamhlú go bhféadfadh níos mó ná san bheith i gceist le himreoirí bheith ar fáil don gcumann as ar fáisceadh iad ach cad ab áil liom ag caint? Bheadh sé chomh maith agam a bheith ag snámh in aghaidh easa.

Ach nach breá an snámh é seachas bheith ag imeacht le sruth ar nós scata eile?

Fág freagra ar 'DARA Ó CINNÉIDE: Ar éigean go n-aithnímse cad dó a sheasann an eagraíocht dheonach is fearr sa domhan – CLG'

  • Áine

    Tagaim go hiomlán leat a Dhara agus is maith go bhfuil tú á rá agus tréislím leat as an méid seo a rá…. cuireann sé le Comórtas Peile na Gaeltachta go mbeadh na peileadóirí is fearr ar an bPáirc agus tugann sé aitheantas agus ardú céime don bhua nuair a bhíonn peileadóirí móra le rá ó chumainn eile i gConamara, i gCorcaigh, i nDún na nGall agus i gCiarraí ar an bhfoireann a éiríonn leo an bua a thabhairt leo… tá dreasacht/ugach ag teastáil ó pheileadóirí agus is sé an spreagadh is mó atá ag peileadóir ar bith agus iad ag dul chun páirce ná an fhoireann is fearr sa gcomórtas a chloí….is leithscéal a bhí á dhéanamh ag Uachtarán CLG… easpa measa do Chomórtas Peile na Gaeltachta é na peileadóirí atá fréamhaithe ina gcumainn a fhágáil ar lár agus tá sé thar am ag cumainn a bheith ag éileamh go mbeadh cead ag a gcuid imreoirí ar fad imirt i gComórtas Náisiúnta…Tá moladh tuilleadh ag Helen Ní SHé as na ceisteanna crua a chur air freisin,,, seachas scaoileadh leis an muga magadh. Rud eile a chur cantail orm féin nach raibh aon trácht ar an Nuacht Náisiúnta ar RTÉ go raibh an comórtas fiú á reáchtáil… ná aon aitheantas tugtha do na buaiteoirí….tá sé in am ligean leis an gcur i gcéill… ag cur tráchtaireacht i nGaeilge ar fáil ar chluichí eile agus ag tabhairt le fios trí neamhaird iomlán a a dhéanamh ar Chomórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta nach fiú bonn na bróige an Comórtas iontach seo, An masla is mó ná an neamhaird… déanta go sotalach stuama ag an gCraoltóir Náisiúnta. Bhí ardchraoladh ar TG4 agus bhain mé féin go pearsanta an-sult as an gclúdach ós rud é nach raibh deis agam dul chuig an gcomórtas féin i mbliana. Lean ort a Dara ag cur na gceisteanna crua a Dhara agus go mbeidh tú mar eiseamlár do chraoltóirí/iriseoirí spóirt na Gaeltachta…. ar scáth a chéile a mhairimid agus níor chaill fear an mhisnigh riamh é.