Gearán oifigiúil déanta ag Conradh na Gaeilge faoi chaint Paul Williams ar Newstalk

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil an gearán á dhéanamh ag Conradh na Gaeilge faoi mhír 4.1 de Chód an BAI maidir le Cothroime, Oibiachtúlacht agus Neamhchlaontacht i gCláir Nuachta agus Cúrsaí Reatha

Gearán oifigiúil déanta ag Conradh na Gaeilge faoi chaint Paul Williams ar Newstalk

Tá gearán oifigiúil déanta ag Conradh na Gaeilge le hÚdarás Craolacháin na hÉireann faoi agallamh a cuireadh ar Ard-Rúnaí na heagraíochta ar an gclár Newstalk Breakfast an tseachtain seo caite.

Bhí cuireadh faighte ag Julian de Spáinn teacht ar an gclár ar Newstalk FM chun freagra a thabhairt ar an méid a dúirt Williams an lá roimhe sin faoi mheon daoine i leith na Gaeilge.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil an gearán á dhéanamh ag Conradh na Gaeilge faoi faoi mhír 4.1 de Chód an BAI maidir le Cothroime, Oibiachtúlacht agus Neamhchlaontacht i gCláir Nuachta agus Cúrsaí Reatha.

An lá sular cuireadh De Spáinn faoi agallamh, chuir Williams tuin chainte bhréagGhearmánach air féin agus é ag tagairt do chás ina líomhnaítear gur iarr réiteoir ar chumann CLG Gaeltachta Béarla a labhairt le linn cluiche.

Dúirt Williams go mbeadh láncheart ag réiteoir a leithéid a éileamh ar imreoirí Gaeltachta toisc go “labhraíonn gach duine in Éirinn an Béarla” murab ionann agus an Ghaeilge.

Nuair a tháinig sé ar an gclár an lá dár gcionn chun freagra a thabhairt ar chaint Williams, dúirt Julian de Spáinn gur ghoill an chaint sin go mór ar dhaoine agus mhaígh sé nach labhródh an t-iriseoir mar sin faoi mhionlach ar bith eile. Dúirt Williams go raibh de Spáinn “róghoilliúnach”.

Braithfidh rath an ghearáin atá déanta ag an gConradh leis BAI ar cé acu an mbeidh nó nach mbeidh siad ábalta a chruthú nach raibh an bealach a láimhseáil Paul Williams an t-agallamh cothrom. Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil cás déanta ag an gConradh gur ar a thaithí phearsanta dhiúltach leis an gcóras oideachais a dhírigh Williams seachas na ceisteanna a phlé.

Ní raibh urlabhraí ar fáil ó Newstalk Breakfast nuair a chuaigh Tuairisc.ie i dteagmháil leis an gclár tráthnóna inné.

Nuair a rinneadh gearán leis an BAI anuraidh faoi mhír faoin nGaeilge a craoladh ar an stáisiún FM104, measadh an mhír sin a bheith ‘míchothrom’ ach chinn an BAI i gcoinne an ghearánaí maidir le cuid dá haighneacht.

Bhí an tÚdarás Craolacháin den tuairim nach ionann Gaeilgeoirí agus ‘grúpa sa tsochaí’ agus dá bharr sin nach raibh Cód Chaighdeán na gClár, a thagraíonn do ‘Dhaoine agus grúpaí sa tsochaí’, sáraithe ag FM104.

Tuigtear gur tógadh an cinneadh sin san áireamh agus gearán Chonradh na Gaeilge a réiteach.

Fág freagra ar 'Gearán oifigiúil déanta ag Conradh na Gaeilge faoi chaint Paul Williams ar Newstalk'

  • Seán Mac

    Cinnte gur bainfidh mé sult as na freagraí ar an alt seo :P

  • padraig

    Tá súil agam go n-éireoidh leis an Spáinneach béim síos a bhaint as an scaothaire sin, ach ba chirte a rá gur fo-ghrúpa iad Gaeilgeoirí, ní hionann sin le rá go teanga ‘fo’ í an Ghaeilge ná gur daoine ‘fo’ iad Gaeilgeoirí ná go bhfuil sé de cheart ag Heil Williams a bheith ag fo–nóid fúinn!

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    ‘Bhí an tÚdarás Craolacháin den tuairim nach ionann Gaeilgeoirí agus ‘grúpa sa tsochaí’

    A leithéid de raiméis! Caidé fá sochaí na Gaeltachta?!