Gearán le déanamh leis an gCeann Comhairle faoi ‘Google Translate’ a bheith déanta ar fhreagra Dála ón Aire Shane Ross

Chuir freagra Dála a chuir an tAire Shane Ross ar fáil inné d’Éamon Ó Cúiv alltacht agus díomá ar an Teachta Dála, a deir gur léir gur baineadh úsáid as leithéid Google Translate chun Gaeilge a chur ar fhreagra scríofa Ross

Gearán le déanamh leis an gCeann Comhairle faoi ‘Google Translate’ a bheith déanta ar fhreagra Dála ón Aire Shane Ross

Pictiúr: Sam Boal /RollingNews.ie

Tá gearán oifigiúil le déanamh ag an Teachta Dála Éamon Ó Cuív leis gCeann Comhairle faoi ‘jab Google Translate’ a bheith déanta ar fhreagra Dála a chuir an tAire Iompair Shane Ross ar fáil dó.

D’fhiafraigh urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil den Aire Ross ar aontaigh sé gur chóir go mbeadh an Ghaeilge agus an Béarla ar comhchéim ar chomharthaíocht bóthair agus an mbeadh sé sásta bualadh le Conradh na Gaeilge chun an cheist a phlé.

Chuir an freagra a chuir an tAire Ross ar fáil inné ar cheist Dála Uí Chuív alltacht agus díomá ar an Teachta Dála a deir gur léir dó gur baineadh úsáid as uirlis aistriúcháin uathoibríoch, leithéid Google Translate, chun Gaeilge a chur ar fhreagra scríofa an Aire. Tá freagra an Aire Ross foilsithe ina iomláine ag bun an ailt seo.

Léirigh tástáil a rinne Tuairisc.ie ar ráiteas an Aire Ross gur dócha gur baineadh leas as uirlis aistriúcháin uathoibríoch chun an freagra scríofa Dála a aistriú.

Dúirt aistritheoir creidiúnaithe amháin le Tuairisc.ie aréir “gur mór an trua a bheadh aici d’aon duine a bheadh ag iarraidh ciall a bhaint as an bhfreagra agus gur mór an náire go mbeadh Aire Rialtais, go háirithe aire iompair, chomh míchúramach faoi shábháilteacht ar bhóithre, gan trácht ar a bheag is fiú don Ghaeilge i dTithe an Oireachtais.”

Tharraing ceist na Gaeilge agus uirlisí aistriúcháin uathoibríocha conspóid mhór dhá bhliain ó shin nuair a tháinig sé chun solais ar Tuairisc.ie gur úsáideadh ‘Google Translate’ chun Gaeilge a chur ar shleachta Béarla ar  www.ireland.ie, suíomh idirlín Éire 2016, sliocht as Forógra na Poblachta féin san áireamh.

Freagra an Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt ar cheist Dála Éamoin Uí Chuív:

‘Is é an príomh-spreagadh maidir le taispeáint téacs ar chomharthaí tráchta bóthair a chinntiú go bhfuil an t-eolas a dhéanann siad cabhraíonn úsáid shábháilte an ghréasáin bhóithre agus soláthraíonn soiléireacht d’úsáideoirí bóthair ionas nach ndéanfar dochar sábháilteacht ar bhóithre do gach úsáideoir, bíodh cónaitheoirí nó cuairteoirí agus beag beann ar an teanga a labhraíonn siad.

Is as an pheirspictíocht um shábháilteacht ar bhóithre a mholadh an dá mo Roinn agus Bonneagar Iompair Éireann (TCT) go bhfanfaidh ár síneacha tráchta láthair mar atá sí. Tuigim go bhfuil an Iompair cló trom reatha úsáidtear faoi láthair le clóscríobh glactha leo go hidirnáisiúnta ar chomharthaí bóthair. Leanann mo Roinn a choimeád ar bun go bhfuil an polasaí taispeáint Gaeilge agus an Bhéarla téacs araon i éagsúla, ach formáidí ómósach a léiríonn go bhfuil an dá theanga ar leith a bheith ar taispeáint ar chomharthaí bóthair. Tá téacs Gaeilge ar taispeáint i gcónaí os cionn an téacs Béarla agus tá sé claonadh 15 chéim do cheart ón gceartingear; an dara ceann níos fearr léiríonn an cló Gaelach d’aois agus freisin a dhéanann an téacs Gaeilge ar leithligh go hiomlán ón téacs Béarla. Tá an leagan amach an téacs Gaeilge agus Béarla ar chomharthaí tráchta bunaithe ar thaighde, cúrsaí sábháilteachta ar bhóithre agus ar an tuiscint phraiticiúil na ghréasán bóithre na hÉireann.

Cé go bhfuilim ar an eolas faoi thuairimí Chonradh na Gaeilge maidir le húsáid na Gaeilge ar chomharthaí bóthair, tá mé eolach ar mholtaí mo Roinn agus TII maidir leis seo. Cé go bhfuilim i gcónaí sásta a chloisteáil tuairimí na bpáirtithe leasmhara ar ábhar den sórt sin mar seo, mar gheall ar na tosaíochtaí cnaipe shábháilteacht ar bhóithre eile níl mé in ann chun bualadh le Conradh na Gaeilge ag an láthair in am.’