Gearán faoi Fhoras na Gaeilge déanta ag Ó Gribín leis an gCoimisinéir Teanga

Tuigtear do Tuairisc go bhfuil gearán foirmeálta déanta ag an té atá le briseadh as a chúram mar bhall de Bhord Fhoras na Gaeilge. Baineann an gearán le cumarsáid a bheith á déanamh leis i nGaeilge

Gearán faoi Fhoras na Gaeilge déanta ag Ó Gribín leis an gCoimisinéir Teanga

Tá gearán faoi Fhoras na Gaeilge déanta le hOifig an Choimisinéara Teanga ag an té atá le briseadh as a chúram mar bhall de Bhord Fhoras na Gaeilge, Éamonn Ó Gribín.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil gearán foirmeálta déanta ag Ó Gribín leis an gCoimisinéir Teanga toisc go bhfuil Foras na Gaeilge ag tabhairt freagraí i nGaeilge ar cheisteanna atá á gcur aige orthu i mBéarla.

Baineann na ceisteanna sin le cinneadh Fhoras na Gaeilge go mbrisfí Ó Gribín as a chúram mar bhall de Bhord na heagraíochta trasteorann.

Scríobh Foras na Gaeilge chuig an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) ar an 4 Samhain ag iarraidh go mbrisfí Ó Gribín as a chúram.

Tuigtear leis go bhfuil comhairle lorgtha ag Ó Gribín maidir le hachomharc a dhéanamh faoin gcinneadh.

Cuireadh tús leis an bhfiosrúchán faoi Ó Gribín nuair a líomhnaíodh go raibh ‘mí-iompar tromchúiseach’ ar bun aige agus é ar cuairt ag oifigí na heagraíochta Gaelscoileanna Teo i mí an Mheithimh.

Tá na líomhaintí seo séanta as éadan ag Éamonn Ó Gribín,

Rinne fostaí de chuid Gaelscoileanna Teo gearán i scríbhinn le Foras na Gaeilge faoi Ó Gribín i ndiaidh d’Ó Gribín cuairt a thabhairt ar an eagraíocht ar an 13 Meitheamh.

Ba i ndiaidh cruinniú de chuid Bhord an Fhorais ar an 1 Iúil a cuireadh na líomhaintí seo ar a shúile d’Ó Gribín agus socraíodh go gcuirfí Ó Gribín ar fionraí fad is a bhí an fiosrúchán ar siúl.

Séanann Ó Gribín na líomhaintí agus maíonn sé go bhfuil sárú déanta ag Foras na Gaeilge ar a cheart reachtúil cumarsáid a dhéanamh leo i mBéarla.

D’iarr Ó Gribín ar an bhForas comhfhreagras agus cáipéisí eile a bhaineann lena chás a chur ar fáil i mBéarla ionas go mbeadh an dlíodóir atá aige in ann iad a thuiscint. Deir Ó Gribín nár éirigh leis, ceal ama, dlíodóir le dóthain Gaeilge a fháil lena chás a phlé sa teanga sin.

Baineann gearán Uí Ghribín le hAlt 9(2) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. De réir an ailt sin, i gcás ina ndéanfaidh duine cumarsáid i dteanga oifigiúil le comhlacht poiblí i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach, tá dualgas ar an gcomhlachtaí poiblí an chumarsáid sin a fhreagairt sa teanga oifigiúil chéanna.

Ní raibh an Coimisinéir Teanga sásta aon ráiteas a thabhairt faoin scéal.

Fág freagra ar 'Gearán faoi Fhoras na Gaeilge déanta ag Ó Gribín leis an gCoimisinéir Teanga'

  • séamus mac seáin

    tá seo craiceáilte go h-iomlán agus is léiriú eile é ar chomh h-amaideach agus neamh fhéidhmiúil agus atá comhdhéanamh an Fhorais féin. Is mithid deireadh a bheidh leis mar institiúid agus cibé airgid a shábhálfaí a chaitheamh ar an chóras nua Oideachais Ghaeltachta a mhaoíniú.