Gealltanas tugtha ag Fine Gael go ndéanfar buiséad na Gaeilge a dhúbailt faoi 2025

Athrú polasaí é seo toisc nár thug Fine Gael aon eolas sonrach roimhe seo maidir lena mianta i dtaobh bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta

Gealltanas tugtha ag Fine Gael go ndéanfar buiséad na Gaeilge a dhúbailt faoi 2025

Tá geallta ag Fine Gael go ndéanfaidís buiséad na Gaeilge a dhúbailt idir seo agus 2025 ach an deis a bheith acu a bpolasaí a chur i bhfeidhm.

San fhorógra nua, a seoladh ag comhdháil náisiúnta an pháirtí ag an deireadh seachtaine, deirtear go gcuirfí a dhá oiread maoinithe ar fáil do chúrsaí Gaeilge, ealaíon, cultúir agus spóirt faoi 2025.

Athrú polasaí é seo toisc nár thug Fine Gael aon sonraí cheana maidir lena mianta i dtaobh bhuiséad na teanga, cé go luaitear sa socrú a rinne siad le Fianna Fáil go ndéanfaí tuilleadh infheistíochta sa Ghaeilge.

Ní raibh aon eolas faoi acmhainní breise i bhforógra toghcháin Fhine Gael anuraidh.

Sa cháipéis polasaí  ‘Taking Ireland Forward’, a sheol an Taoiseach Leo Varadkar le linn thoghchán ceannaireachta an pháirtí i mbliana, aithníodh an “tábhacht” a bhain le hacmhainní breise don Ghaeilge ach níor tugadh aon sonraí breise i dtaobh na n-acmhainní sin.

Tugadh suntas don scéala go raibh geallúint shoiléir i leith cúrsaí ealaíon, cultúir agus spóirt sa chéad mhír eile sa cháipéis sin ‘Taking Ireland Forward’, ar a bhfuil cuid mhaith den fhorógra ‘leanúnach’ (rolling manifesto) nua bunaithe.

Dúradh in ‘Taking Ireland Forward’: “We will double the Government budget for arts, culture and sport over seven years”.

Sa cháipéis is déanaí ón bpáirtí, deirtear: “Across culture, heritage, the Irish language and sport, we will double the budget by 2025”.

Deirtear go mbeidh an infheistíocht bhreise don Ghaeilge bunaithe ar an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge agus ar an bpleanáil teanga.

“Delivery of the 20-year Strategy for the Irish Language 2010-2030 will drive our approach to language planning at community level which is central to the new definition of the Gaeltacht.”

Luaitear chomh go ndéanfaí infheistíocht sna limistéir phleanála teanga agus sna bailte seirbhíse Gaeltachta.

Deirtear freisin go dtacóidh Fine Gael leis an tumoideachas agus an polasaí oideachais Gaeltachta. ‘Teip’ a bhí sa chur chuige ‘traidisiúnta’ i leith na Gaeilge sa chóras oideachais, a deirtear.

Maítear go mbunófar scoileanna agus sruthanna lán-Ghaeilge nua lasmuigh den Ghaeltacht “while specific education policies, from early years to 3rd level, reflecting the linguistic needs of Gaeltacht communities will be supported”.

Chuir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, fáilte inniu roimh ghealltanas Fhine Gael agus dúirt sé gur “toradh” é ar “bhrú ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta”.

Dúirt de Spáinn go raibh géarghá tús áite a thabhairt do mhéadú a dhéanamh ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta mar “ghníomh cothromaithe”. Bhí gá chomh maith le tuilleadh sonraí i dtaobh an ghealltanais agus le “súil ghéar a choinneáil a chúrsaí” lena chinntiú go gcomhlíonfar é, a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge le Tuairisc.ie.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar ag comhdháil náisiúnta Fhine Gael i mBéal Átha Conaill i gContae an Chabháin Dé hAoine go dtabharfaí deis don uile dhuine an Ghaeilge a cheiliúradh mar chuid de Bhliain na Gaeilge 2018 agus gheall sé leis go ndéanfaí iarracht tuilleadh daoine a mhealladh chun an teanga a labhairt gach lá.

“Ceiliúrfaimid Bliain na Gaeilge in 2018.  Tabharfar deis dúinn go léir saibhreas ár dteanga náisiúnta a cheiliúradh, agus níos mó daoine a mhealladh chun í a labhairt ar bhonn laethúil.  So 2018 will be the year of the Irish language,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Gealltanas tugtha ag Fine Gael go ndéanfar buiséad na Gaeilge a dhúbailt faoi 2025'