Gatland agus Jenkins ag súil go dtiocfaidh leathchúlaithe na hÉireann slán

Labhair Warren Gatland agus Neil Jenkins faoi aclaíocht Johnny Sexton agus Conor Murray roimh thuras na Leon. Bhí Tuairisc.ie i láthair chun éisteacht leo

Gatland agus Jenkins ag súil go dtiocfaidh leathchúlaithe na hÉireann slán

Sé chluiche agus sraith amháin atá buaite ag na Leoin i gcoinne na Nua-Shéalainne agus 29 cluiche atá caillte acu ina n-aghaidh. Léiriú ar an dúshlán atá rompu i mbliana.

Shílfeá mar sin go mbeadh na Leoin ag brath go mór ar leathchúlaithe fhoireann Joe Schmidt i mí Mheithimh. Ach an mbeidh siad ann?

Tá gortuithe ag cur as do Johnny Sexton ó thús na bliana agus níl aon traenáil teagmhála déanta ag Conor Murray le Cúige Mumhan ó ghortaigh sé a ghualainn agus é ag imirt d’fhoireann na hÉireann i gcoinne na Breataine Bige. Ainmníodh iad beirt i scuad na Leon inné, ach toisc amhras a beith ann faoi aclaíocht na beirte tá údar imní ag na cóitseálaithe.

“Bhí dul ar gcúl i gceist i gcás Murray cúpla seachtain ó shin. Beidh taithí imeartha ag teastáil uaidh sula dtugann sé faoin turas eitleáin,” a dúirt Gatland.

“Beidh sé sin tábhachtach dúinn. Bheinn amhrasach aon duine a thabhairt chun na Nua-Shéalainne agus gortú ag cur as dó agus gan aon chluiche imeartha aige. An cluiche deireanach a bhí aige ná an ceann i gcoinne na Breataine Bige ar an 10 Márta, measaim.”

“Tá sé thar a bheidh aclaí mar imreoir. Tá sé [an gortú] ag cur as dó agus tá an uillinn lag aige. Is ábhar imní é, mar is sár-imreoir atá ann. Tá díomá air faoi. Bhí sé ag súil go mbeadh sé ceart an tseachtain seo don Mhumhain. Tá súil againn go mbeidh sé ceart faoi cheann cúpla seachtain agus ábalta cluiche nó dhó a imirt. 

Agus cad faoi Sexton? Bíonn gortuithe ag cur as dó de shíor. Beidh cóitseálaí ciceála na foirne Neil Jenkins ag cuidiú leis, agus níorbh é seo an chéad uair aige tabhairt faoi thuras na Leon agus gortú ag cur as dó. In 2001, bronnadh geansaí uimhir a 10 ar Johnny Wilkinson de bharr go raibh Sexton gortaithe. I mbliana, beidh Sexton á fhéachaint le Owen Farrell d’áit ar an bhfoireann céad rogha. Agus cluichí leathcheannais Chorn na hEorpa agus an PRO12 fós le n-imirt, beifear ag súil nach mbainfidh aon ghortú eile do Sexton.

“Ní údar mór imní é,” a dúirt Jenkins.

“Ar thuras na Leon, ní bhíonn mórán ama agat. Caithfidh tú a bheith aclaí ag dul ann agus tú féin a choimeád aclaí le linn an turais mar go bhfuil sé chomh dian sin. Beimid ag fágáil ar an Luan, sroichfimid an Nua-Shéalainn ar an gCéadaoin agus beidh cúig seachtaine go leith ann ó lá sin go dtí an tríú cluiche i gcoinne na All Blacks.

“Má fhaigheann imreoir gortú ar thuras mar seo, d’fhéadfadh sé an turas a scrios air. Is maith is eol d’imreoirí rugbaí agus do na Leoin é sin. Tarlaíonn rudaí mar sin agus caithfear déileáil leo. Ba mhaith liom go mbeadh dea-bhail ar na buachaillí faoin am a shroicheann siad an Nua-Shéalainn.

“Mar a dúirt mé, is é seo an buaicphointe d’aon imreoir, a bheith ag imirt do na Leoin i gcoinne na Nua-Shéalainne sa Nua-Shéalainn. Níl a shárú sin ann, dar liomsa, agus tá an tuairim chéanna ag na leaideanna”.

Fág freagra ar 'Gatland agus Jenkins ag súil go dtiocfaidh leathchúlaithe na hÉireann slán'