Gaoth Dobhair ‘tobar an chultúir Ghaelaigh’ ainmnithe i measc na mbailte ‘is áille’ in Éirinn

Cuirtear síos sa mhír faoin gceantar Gaeltachta ar áilleacht na dtránna agus na sléibhte atá san áit, chomh maith leis na hoileáin bheaga atá amach ón gcósta — Gabhla agus Toraigh ina measc

Gaoth Dobhair ‘tobar an chultúir Ghaelaigh’ ainmnithe i measc na mbailte ‘is áille’ in Éirinn

Ainmníodh Gaoth Dobhair, i nGaeltacht Thír Chonaill, ar cheann de na bailte “is áille” in Éirinn ar liosta a foilsíodh ar an suíomh taistil Culture Trip.

Cuirtear síos sa mhír faoin gceantar Gaeltachta ar áilleacht na dtránna agus na sléibhte ann, chomh maith leis na hoileáin bheaga atá amach ón gcósta — Gabhla agus Toraigh ina measc.

Tá tagairt san alt freisin do Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha. Maítear san alt gurb é Gaoth Dobhair an “baile is mó in Éirinn ina labhraítear an Ghaeilge agus [gurb é] tobar an chultúir Ghaelaigh dá bharr”.

Ar na bailte eile atá luaite ar an liosta tá Cionn tSáile, Corcaigh; Gleann Garbh, Corcaigh; An Lios Mór, Port Láirge; Dairbhre, Ciarraí; An Leathros, Sligeach; Cairlinn, Contae Lú; Cathair na Mart, Maigh Eo; Biorra, Uíbh Fhailí; agus Áth na Sceirí, Cill Mhantáin.

Deirtear san alt go bhfuil Éire ar cheann de na tíortha is áille tírdhreach ar domhan agus an taistealaí nach dtugann cuairt ach ar chathracha na tíre amháin, ní fheiceann áilleacht na mbailte beaga tuaithe.

Idir an dá linn, ainmníodh Aerfort Dhún na nGall, atá lonnaithe i nGaeltacht an chontae, an tseachtain seo caite, i measc na n-aerfort is fearr le tuirlingt ann. Dar leis an suirbhé a rinne PrivateFly, is é Aerfort na Carraige Finne an dara aerfort is deise tírdhreach le tuirlingt ann ar domhan.

Anuraidh, luadh Gaeltacht Thír Chonaill go sonrach san iris National Geographic Traveller ag barr a liosta de na háiteanna is ‘cool’ ar fiú cuairt a thabhairt orthu in 2017.

Is liosta é an ‘Cool List’, dar leis an iris, de na “príomhchathracha cultúir, lárionaid na hiopstairí, saoirí sceirdiúla agus áiteanna atá ‘cool’ i gcoitinne”.

Ar bharr an liosta seo, ina luaitear 17 áit ar domhan, bhí Dún na nGall. Luadh go sonrach sa chur síos an dá thrá Ghaeltachta i Machaire Rabhartaigh agus Baile Thiarnáin mar láithreacha iontacha surfála, chomh maith le Bealach Chorrán Binne mar bhealach tiomána, rothaíochta nó siúil ar ‘mionsamhail 7km de Shlí an Atlantaigh Fhiáin é’.

Ba é an Teach Solais ag Fánaid, i nGaeltacht Thír Chonaill, an príomhphictiúr a chuaigh leis an alt, a chuir síos ar Santiago, an Ghraonlainn agus an Nua-Shéalainn mar áiteanna eile ar fiú cuairt a thabhairt orthu le linn na bliana.

Bhí Gaoth Dobhair agus ceantair eile Ghaeltachta sa chontae go mór chun tosaigh i bhfíseán nua turasóireachta a eisíodh i mí Mhárta a raibh sé d’aidhm aige na mílte cuairteoir a mhealladh chuig Tír Chonaill. Bhí leithéidí Loch Alltáin, an Earagail, Gort an Choirce, Sliabh Liag, Árainn Mhór agus An Charraig Fhinn i measc na radharc Gaeltachta a bhí le feiceáil san fhíseán nua a chuireann Dún na nGall chun cinn mar ‘The Coolest Place in the World’.

Fág freagra ar 'Gaoth Dobhair ‘tobar an chultúir Ghaelaigh’ ainmnithe i measc na mbailte ‘is áille’ in Éirinn'