Ganntanas smaointe faoin Straitéis

Mí Nollag na bliana 2011 an sprioc i scríbhinn a bhí leagtha síos do bhunú ‘Meitheal Smaointe’ don Straitéis 20 Bliain.

I bplean forfheidhmithe Roinn na Gaeltachta don bhliain 2011 maíodh go dtabharfaí le chéile ‘Meitheal Smaointeoireachta’. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
I bplean forfheidhmithe Roinn na Gaeltachta don bhliain 2011 maíodh go dtabharfaí le chéile ‘Meitheal Smaointeoireachta’. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Níl an ‘Meitheal Smaointe’ a gheall Roinn na Gaeltachta trí bliana ó shin faoin Straitéis Fiche Bliain bunaithe fós.

Leagadh mí Nollag na bliana 2011 síos mar spriocdháta do bhunú ‘Meitheal Smaointe’ a bheadh mar chuid de chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ach níor bunaíodh fós í.

I bplean forfheidhmithe na Roinne don bhliain 2011 maíodh go dtabharfaí le chéile “meitheal daoine le saineolas ar earnálacha éagsúla…chun gnéithe éagsúla den Straitéis a éascú agus a spreagadh”.

Ba nuair a rinne Tuairisc.ie iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ar aon chaipéisí ó Roinn na Gaeltachta a bhain le bunú agus cruinnithe na meithle a tháinig sé chun solais nach raibh an mheitheal bunaithe fós.

Anuas ar sin, níl trácht ná tagairt ar mheitheal smaointe sa tuarascáil a foilsíodh le gairid ar an dul chun cinn atá déanta ag an Roinn maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise go dtí seo.

As moltaí i dtuarascáil ó ghrúpa saineolaithe faoi stiúir Fiontar DCU sa bhliain 2009 a d’eascair an ghné áirithe seo den Straitéis 20 Bliain.

Ghlac an Rialtas leis an moladh faoin meitheal agus tá sé ina chuid den Straitéis.

Cé go raibh sé geallta ag an Roinn go gcuirfí tús le tionól na meithle smaointe faoi Nollaig na bliana 2011, is léir anois gur fágadh an smaoineamh áirithe seo ar leataobh.

D’admhaigh an Roinn le Tuairisc.ie nár bunaíodh riamh aon mheitheal smaointe, mar a sonraíodh sa Phlean Forfheidhmithe.

Míníodh, áfach, go nglactar le comhairle ó “shaineolaithe agus páirithe leasmhara” faoi chur i bhfeidhm na Straitéise agus go bhfuil coiste comhairleach bunaithe ag an Roinn atá ionadaíodh de pháirtithe leasmhara na Gaeilge agus na Gaeltachta.