Gan tagairt ar bith don Ghaeilge i gClár Rialtais 2016-2021 agus cáineadh géar déanta ag eagraíochtaí ó thuaidh

Sheol an t-iarAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín, Straitéis le Forbairt na Gaeilge a Fheabhsú agus a Chosaint 2015-2035 ar an 30 Eanáir 2015 ach dhiúltaigh an Feidhmeannas an Straitéis a chur i bhfeidhm

Gan tagairt ar bith don Ghaeilge i gClár Rialtais 2016-2021 agus cáineadh géar déanta ag eagraíochtaí ó thuaidh

Tá cáineadh déanta ag eagraíochtaí Gaeilge ó thuaidh ar Fheidhmeannas Stormont toisc nach ndéantar aon tagairt sa Cháipéis Chomhairliúcháin ar an gClár Rialtais 2016-2021 don Straitéis Ghaeilge ó thuaidh.

Leagtar amach sa Chlár Rialtais na rudaí ar a mbeidh an Feidhmeannas ag díriú le linn saolré an rialtais reatha. Tagraíodh go sonrach don Straitéis Ghaeilge i gClár Rialtais 2011-2015, a tháinig chun deiridh roimh thoghchán na bliana 2015.

Is “céim siar mhór” é nach bhfuil aon tagairt don Ghaeilge sa chlár don chúig bliana amach romhainn, dar le hUachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill.

“Luaigh pobal na Gaeilge go soiléir ina gcuid aighneachtaí agus i sraith cruinnithe le réimse páirtithe polaitiúla go raibh géarghá leis an Straitéis Ghaeilge a bheith mar tháscaire aitheanta sa Chlár Rialtais 2016-2021.

“Arís eile is léir nach bhfuil an toil ag an Fheidhmeannas freastal ar phobal na Gaeilge agus cothrom na Féinne a thabhairt dúinn. Tá Conradh na Gaeilge ag lorg cruinnithe éigeandála láithreach le gach ceannaire páirtí lena chinntiú go mbeidh an Straitéis san áireamh sa leagan deireanach de Chlár Rialtais 2016-2021,” a dúirt Ó Cearbhaill.

Dúirt Janet Muller, stiúrthóir POBAL, “nach bhfuil iontas” ar an eagraíocht nach bhfuil níos mó tagairtí don Ghaeilge sa cháipéis agus gur “scannal amach is amach” atá ann.

“Tá díomá orainn, ach níl iontas orainn nach bhfuil níos mó tagairtí don Ghaeilge sa dréachtcháipéis. Molann muid an obair atá curtha isteach ag na páirtithe náisiúnacha lena chinntiú go mbeidh cothrom na Féinne ann do phobal na Gaeilge i gClár an Rialtais. Fáiltíonn muid roimh na tagairtí atá sa dréachtchlár do 2 thogra Gaeilge.

“Ag an am céanna, is beag an t-aitheantais seo ar theanga a théann siar 2000 bliain, teanga atá á labhairt sa tír seo ag 10.65% den mhórphobal agus atá faoi chosaint na reachtaíochta idirnáisiúnta,” a dúirt sí.

Dúirt sí go bhfuil sé “de dhualgas” ar Stormont “gníomh diongbháilte a ghlacadh” ar son na Gaeilge ach gur “léir” nach bhfuil páirtithe áirithe sásta leis an gcúram sin.

“Tá sé anois deich mbliana ó thug rialtas na Breataine gealltanas Acht na Gaeilge a thabhairt isteach, agus go dtí seo, dhiúltaigh páirtithe na n-aontachtaithe d’aon dul chun cinn ar an cheist seo. Gan reachtaíocht láidir, chuimsitheach beidh ar phobal na Gaeilge gach seirbhís a lorg de réir a chéile, agus gach gearán a throid gearán ar ghearán,” a dúirt sí.

Sheol an t-iarAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín, Straitéis le Forbairt na Gaeilge a Fheabhsú agus a Chosaint 2015-2035 ar an 30 Eanáir 2015 ach dhiúltaigh an Feidhmeannas an Straitéis a chur i bhfeidhm. Tá Conradh na Gaeilge ag glacadh athbhreithniú breithiúnach i gcoinne an Fheidhmeannais, cás a bhfuil cead cúirte faighte dó, toisc nár ghlac an Rialtas deireanach leis an Straitéis.

“Tá teip an Fheidhmeannais dheireanaigh i dtaobh na Straitéise mar ábhar athbhreithnithe breithiúnaigh faoi láthair. Dar ndóigh, b’fhearr linn nach mbeadh orainn an cás seo a ghlacadh ach níl aon rogha eile tugtha ag an Fheidhmeannas dúinn.

“San idirthréimhse, molann Conradh na Gaeilge do phobal na Gaeilge agus dóibh siúd a bhfuil baint acu le cearta daonna, a míshástacht maidir leis an Dréacht-Chlár Rialtais seo a thógáil lena bpolaiteoirí agus aighneachtaí a chur chuig an Fheidhmeannas ag lorg na Straitéise Gaeilge láithreach bonn. Éilíonn muid ar an Fheidhmeannas a ndualgais féin a chomhlíonadh, agus athmhachnamh a dhéanamh ar an dréachtchlár seo,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge.