Gan deis feabhsaithe ag damhsóirí ‘Ríl Deal’ TG4 agus na cláir ar fad déanta in imeacht trí lá

In aon bhloc amháin a taifeadadh an tsraith theilifíse agus ainm an bhuaiteora a bheith ina rún ag brath ar ‘dea-mhéin’ an lucht féachana sa stiúideo

Gan deis feabhsaithe ag damhsóirí ‘Ríl Deal’ TG4 agus na cláir ar fad déanta in imeacht trí lá

Is beag deis a bheidh ag na réaltaí Gaelacha atá ag glacadh páirte sa tsraith theilifíse An Ríl Deal ar TG4 aon fheabhas a chur ar a gcuid scileanna damhsa le linn na sraithe mar gur taifeadadh na cláir ar fad le chéile in imeacht trí lá i dtús na Samhna.

Dheimhnigh Brian Graham, stiúrthóir bainistíochta Adare Productions, do Tuairisc.ie gur “thar thréimhse laethanta i gcuideachta a chéile mar bhloc” a taifeadadh na cláir, “mar a dhéantar de ghnáth” i gcás na sraitheanna tallainne a léiríonn siad do TG4.

Dúirt Brian Graham gur “thar thréimhse roinnt seachtainí sula dtaifeadtar na cláir sa stiúideo” a bhí deis ag na damhsóirí ar An Ríl Deal feabhas a chur ar a gcuid steipeanna.

Cé go mbeidh an tsraith sé chlár uair a chloig á craoladh idir seo agus tús Eanáir agus go mbeidh iomaitheoir á chur as an áireamh in aghaidh na seachtaine, tá buaiteoir na sraithe roghnaithe cheana féin ag an bpainéal moltóirí.

Dúirt Brian Graham go mbíonn an comhlacht léiriúcháin “ag brath ar a gcuid dea-mhéine [an lucht féachana sa stiúideo] gan ainm an bhuaiteora a fhógairt nó an rún a sceitheadh go mbeidh an seó deireanach craolta”.

Rinneadh na cláir a thaifeadadh i stiúideo i mBaile Átha Cliath idir an 1—3 Samhain agus is iad na réaltaí atá ag glacadh páirte; Linda Bhreathnach, Micheál Ó’Ciaraidh, Ruairí Mac Somhairle, Rossa Ó Snodaigh, Linda Ervine, Séamus Begley agus Valerie Mulcahy. Is í Máire Treasa Ní Dhubhghaill a chuireann an clár, a chraoltar ar an Domhnach, i láthair.

Ruairí Mac Somhairle
Ruairí Mac Somhairle

Tá cláir den chineál céanna á gcraoladh le tamall de bhlianta ar sheirbhísí éagsúla teilifíse, ina measc Dancing With The Stars ar ABC agus Strictly Come Dancing ar BBC ach is iondúil gur beochraoladh a bhíonn iontu agus deis ag na hiomaitheoirí feabhas a chur ar a gcumas damhsa i gcaitheamh na seachtaine idir na cláir.

Tá sé fógartha ag RTÉ go gcuirfear tús le sraith Éireannach de Dancing With the Stars, a bheidh á craoladh beo gach seachtain, idir Eanáir agus Márta 2017 agus go mbeidh sé á cur i láthair ag Nicky Byrne agus Amanda Byram.

I measc na ndaoine atá luaite mar dhamhsóirí sa tsraith sin tá Thalia Heffernan, Des Bishop, Teresa Mannion, Aidan O’Mahony agus Hughie Maughan.

Thuairiscigh The Evening Herald go mbeadh táille €3,000 in aghaidh na seachtaine á íoc leis na damhsóirí fad is a bheidh siad páirteach sa tsraith.

Fág freagra ar 'Gan deis feabhsaithe ag damhsóirí ‘Ríl Deal’ TG4 agus na cláir ar fad déanta in imeacht trí lá'