Imní ar Ní Chuilín faoin scéal go bhfuil deireadh á chur leis an Roinn Cultúir

Tá sé i gceist go laghdófaí líon na rann stáit ó 12 go naoi gcinn i ndiaidh an toghcháin agus go n-aistreofaí formhór na gcúram atá ar DCAL faoi láthair chuig an Roinn Pobal

Carál_Ní_Chuilín_cropped

Tá imní léirithe ag an Aire Ealaíon, Cultúir agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín, faoin scéal go gcuirfear deireadh leis an Roinn Cultúir i ndiaidh Thoghchán Stormont 2016 i mí Bhealtaine.

Tá sé i gceist go laghdófaí líon na rann stáit ó 12 go naoi gcinn i ndiaidh an toghcháin agus go n-aistreofaí formhór na gcúram atá ar DCAL faoi láthair chuig an Roinn Pobal. Aistreofar cúraimí eile chuig an Roinn Infreastruchtúir agus chuig an Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe.

Dúirt an tAire Ní Chuilín gur “saol eile ar fad a bheadh ann murach an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Fóillíochta” agus na rudaí atá curtha i gcrích ag an Roinn sin.

“Gan DCAL, ní bheadh aon fhorbairt déanta ar na staideanna spóirt, ar Mhúsaem Uladh, ar an Áras Ceoldrámaíochta, ar Crescent Arts Centre, ar Playhouse Theatre agus ar Chultúrlann Uí Chanain i nDoire, agus ní bheadh Oifig na dTaifead Poiblí i gCeathrú an Titanic oscailte,” a dúirt an tAire i ráiteas scríofa a thug sí don Tionól inniu.

Labhair an tAire faoin mbród atá uirthi as na tograí éagsúla Gaeilge a thionscain a Roinn le cúig bliana anuas.

“Tá mé an-sásta leis an rath a bhí ar an bhfeachtas Líofa agus leis an nglacadh a bhí ag na pobail uile leis. Nuair a sheol mé Líofa i Meán Fómhair na bliana 2011, leag mé sprioc síos go spreagfaí 1,000 duine chun an Ghaeilge a fhoghlaim faoin mbliain 2015. Go dtí seo, tá beagnach 18,000 duine tar éis clárú leis an scéim agus tá méadú ag teacht air sin gach lá. Tá lán-dóchas agam go mbainfí an sprioc de 20,000 foghlaimeoirí amach faoin mbliain 2020,” a dúirt sí sa ráiteas.

Labhair sí freisin faoi na pleananna atá fós le cur i gcrích, an t-ionad nua pobail ag Aonach Mhacha in Ard Mhacha agus an GaelAcadamh atá le bunú i “Ceathrú Ghaeltachta” Bhéal Feirste.

“Táthar tar éis a léiriú le próiseas poiblí comhairliúcháin an tacaíocht ollmhór atá ag Acht na Gaeilge agus tá an reachtaíocht seo réidh le dul ar aghaidh a luaithe is a thabharfaidh an Tionól a chuid tacaíocht dó,” a dúirt sí.

Dúirt urlabhraí de chuid Chonradh na Gaeilge le Tuairisc.ie inniu nach cúis mhór imní do phobal na Gaeilge an scéal go mbeidh an Roinn á shú isteach sna ranna eile ach go gcaithfí leanúint ar aghaidh leis an bhfeachtas do chearta teanga.

“Bhí a fhios againn go raibh sé ag teacht, táthar ag iarraidh gearradh siar ar líon na rann agus líon na bpolaiteoirí. Ba chóir nach ndéanfadh sé mórán difríochta, áfach, ba mhaith linn go leanfaí leis an bhfeachtas maidir leis an Acht agus maidir leis an straitéis. Beidh muidne ag leanstan leis sin, agus is faoin Roinn nua Pobal agus faoi Rialtas na Breataine a bheidh sé.

“Tá ceisteanna ann faoi mhaoiniú don Ghaeilge freisin. Táthar ag tabhairt an cur chuige nua ‘comhtháite’ seo isteach’ le hairgead a shábháil, bheadh mbeadh ag súil go ndéanfaí cuid den airgead sin a shábhálfar a athinfheistiú in earnáil na Gaeilge,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge.