Gan cumas Gaeilge ag 95% d’fhostaithe i 13 roinn rialtais

Duine ar bith ábalta obair i nGaeilge sa Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta

Céatadán na n-oibrithe le Gaeilge sna ranna rialtais

Graph

 

Léiríonn figiúirí nua nach bhfuil sé ar chumas ag breis agus 95% d’fhostaithe i dtrí cinn déag de ranna rialtais a gcuid oibre a dhéanamh i nGaeilge.

I measc na ranna sin, tá roinn amháin nach bhfuil aon státseirbhiseach le Gaeilge inti, dhá roinn nach bhfuil ach 1% den fhoireann le líofacht sa teanga agus ceithre roinn nach bhfuil ach 2% nó níos lú den fhoireann a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge acu.

De réir na bhfigiúirí nua, níl ach idir 0% agus 2% d’oibrithe inniúil ar a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge i seacht gcinn de na ranna rialtais.

Sé cinn déag de ranna rialtais atá ann san iomlán.

Thug an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta le fios nach raibh éinne ar an bhfoireann acu atá inniúil ar a chuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge, cé go ndúradh go bhféachfadh roinnt baill foirne le feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge ar bhonn deonach.

Ar na ranna eile is lú a bhfuil fostaithe iontu atá inniúil ar a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge, tá Roinn an Taoisigh (1%), An Roinn Caitheachais Phoiblí agus Athchóirithe (1%), An Roinn Talmhaíochta (1.5%), An Roinn Cosanta (2%), An Roinn Sláinte (2%) agus An Roinn Airgeadais (2.3%).

Is sa Roinn Gnóthaí Eachtrachta agus Trádála, mar atá 20% den fhoireann inniúil ar a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge, is mó atá daoine le Gaeilge fostaithe.

Sna figiúirí nua, a cuireadh ar fáil don Teachta Dála Éamon Ó Cuív, Fianna Fáil, an tseachtain seo, thug an Roinn Oideachais agus Scileanna le fios go bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge ag tuairim is 10% den bhfoireann.

Níl ardleibhéal inniúlachta sa Ghaeilge ach ag 1.5% d’fhoireann na Roinne Oideachais, áfach.

Thug an tAire Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys, le fios go bhfuil 11% d’fhoireann a Roinne inniúil ar a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge, ach, ar ndóigh, bheadh foireann iomlán rannóg na Gaeltachta sna Forbacha i nGaeltacht Chonamara san áireamh sa chéatadán sin.

Ba é an tAire Airgeadais Michael Noonan an t-aon Aire a thug freagra Béarla ar an gceist Dála scríofa a chuir Éamon Ó Cuív ar na hAirí Rialtais ar fad faoi líon na bhfostaithe i nGaeilge ina ranna.

Fág freagra ar 'Gan cumas Gaeilge ag 95% d’fhostaithe i 13 roinn rialtais'

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    Easpa cumais i ndáiríre, easpa féinmhuiníne, leisce roimh dhualgaisí breise, nó córas oideachais a bhfuil ag teip go hiomlán air?

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Léiríonn na figiúirí seo nach bhfuil an polasaí oideachais ag obair: sé sin an Ghaeilge a mhúineadh do gach macléinn agus an cúrsa a dhéanamh níos éasca le go mbeidh an ráta pas, onóracha, coinnithe réasúnta ard.

    Dá leanfaí polasaí eile an mbeadh toradh níos fearr ar an scéal: Gaeilge a mhúineadh don mionlach a bheadh ag iarraidh í a fhoghlaim, 25 poinnte breise a bhronnadh orthu siúd a dhéanfadh í ag Ardleibhéal mar atá ag an Mata; caighdeán maith cumais a éileamh orthu siúd a bheadh le B nó A a fháil san Ardleibhéal agus é a bheith mar bhuntáiste soiléir ag cur isteach ar aon phost san earnáil poiblí a bheith ábalta feidhmiú sa dá theanga oifigiúil seachas i gceann amháin. B’fhiú an polasaí seo a thrialláil ar feadh píosa. Ní fhéadfadh an toradh a bheith níos measa ná an toradh atá ar ‘Gaeilge a dhéanamh éigeantach mar ábhar Ardteiste’.

    • Iarla Mac Aodha Bhuí

      Sílim go bhfuil an ceart agat a Dhonncha. Is cur i gcéill é go bhfuil Gaeilge á múineadh do gach dalta scoile sa stát, nó má tá is cinnte nach bhfuil siad á foghlaim. Is ceart go mbeadh sé soiléir gur buntáiste é Gaeilge a bheith ag duine atá ag iarraidh dul chun cinn mar sheirbhíseach nó mar ionadaí poiblí in Éirinn.