Gan buiséad ar leith ag RTÉ do phlean Gaeilge na heagraíochta

Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív gur ‘airgead an-bheag’ atá á chaitheamh ag RTÉ ar chraoltóireacht i nGaeilge trí chéile

Gan buiséad ar leith ag RTÉ do phlean Gaeilge na heagraíochta

Ní chuireann RTÉ aon airgead ar leith ar leataobh do chur i bhfeidhm an Phlean Gaeilge atá ag an gcraoltóir náisiúnta. Thug Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, le fios ag cruinniú de chuid Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán Thithe an Oireachtais aréir nach bhfuil “buiséad faoi leith” ag RTÉ do chur i bhfeidhm an phlean teanga a sheol an eagraíocht dhá bhliain ó shin.

Bhí Mac Con Iomaire ag freagairt ceisteanna ón Teachta Dála Éamon Ó Cuív ag an gcruinniú faoi chaiteachas RTÉ ar an gcraoltóireacht i nGaeilge.

Sheol RTÉ plean gníomhaíochta don Ghaeilge i mBaile Átha Cliath i mí Mheán Fómhair na bliana 2015. Tugadh geallúintí éagsúla sa phlean sin faoi na seirbhísí Gaeilge a chuirfeadh RTÉ ar fáil. I measc na rudaí a gealladh bhí feasacháin nuachta dhátheangacha ar 2fm, seirbhís raidió Ghaeilge dírithe ar an óige agus ionad barr feabhais le haghaidh oiliúint a chur ar dhaoine sna meáin chumarsáide Gaeilge.

Rónán Mac Con Iomaire

Tá roinnt moltaí fiosraithe agus cuid de na geallúintí comhlíonta ag an gcraoltóir náisiúnta ó shin. Mar shampla, tá clár ceoil dátheangach á chraoladh ar 2fm anois, bíonn tráchtaireacht i nGaeilge ar fáil ar roinnt cluichí CLG ar sheirbhísí teilifíse na heagraíochta agus tá comhobair ar bun idir Raidió Rí Rá agus RTÉ le seirbhís raidió a chur ar fáil do dhaoine óga i nGaeilge.

Tháinig sé chun solais ag cruinniú na hoíche aréir, áfach, nach gcuireann RTÉ airgead faoi leith ar leataobh do chur i bhfeidhm an phlean. Dúirt Mac Con Iomaire, mar shampla, gur ó bhuiséad na rannóige spóirt in RTÉ a thagann an t-airgead atá á chaitheamh ar an tráchtaireacht Ghaeilge ar sheirbhísí teilifíse an stáisiúin.

Dúirt Ó Cuív gur “airgead an-bheag” atá á chaitheamh ag RTÉ ar an nGaeilge trí chéile agus cháin an easpa buiséid do chur i bhfeidhm an Phlean Gaeilge atá ag an eagraíocht.

Nuair a seoladh an plean dúradh gur “trí chomhpháirtíocht nua agus de réir na n-acmhainní atá ar fáil faoi láthair” a chuirfí an plean nua i bhfeidhm.

Éamon Ó Cuív

Tarraingíodh aníos ceist thuarastal na bhfostaithe atá ag saothrú trí mheán na Gaeilge in RTÉ le linn an chruinnithe freisin agus chuir Éamon Ó Cuív agus an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ceisteanna faoin difríocht idir an pá a fhaigheann oibrithe raidió na heagraíochta a fheidhmíonn i nGaeilge agus iad siúd a fheidhmíonn i mBéarla.

Dúirt ionadaithe RTÉ a bhí i láthair ag an gcruinniú go bhféadfadh sé go mbeadh daoine a bheadh ag obair ar chláir éagsúla ar stáisiúin éagsúla ar rátaí tuarastail éagsúla ag brath ar ghrád an duine.

Maíodh, cuir i gcás, go bhféadfadh duine a bheadh ag obair ar an gclár Gaeilge Adhmhaidin a chraoltar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheith ar thuarastal níos airde ná duine a bheadh ag obair ar an gclár Béarla Morning Ireland a chraoltar ar RTÉ Radio One ag brath ar ghrád an duine sin san eagraíocht.

Fág freagra ar 'Gan buiséad ar leith ag RTÉ do phlean Gaeilge na heagraíochta'

  • Pól Réamonn

    Raidió Teilifís English