Gan aon trácht ar bhille teanga ar chlár reachtaíochta nua na Dála

Níl an reachtaíocht leasaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla i measc na mbillí a dtabharfar tús áite dóibh le linn téarma seo na Dála

Gan aon trácht ar bhille teanga ar chlár reachtaíochta nua na Dála

De réir clár reachtaíochta nua na Dála tabharfar tús áite as seo go dtí an Nollaig d’fhoilsiú 25 píosa reachtaíochta agus níl Bille leasaithe Acht na dTeangacha Oifigiúla luaite.

Tá an Bille sin luaite i measc an 71 Bille atá ar an liosta ‘Reachtaíocht Eile’, liosta na mBillí a bhfuil sé i gceist ag na ranna rialtais iad a fhoilsiú “sa mhéantréimhse agus san fhadtréimhse”.

Tá cúig bliana ann ó fógraíodh go raibh athbhreithniú le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus ba i mí Aibreáin 2014 a foilsíodh ceannteidil an Bhille sin.

Léirigh an Coimisinéir Teanga, eagraíochtaí teanga agus polaiteoirí an fhreasúra míshástacht leis na ceannteidil sin toisc nár tugadh aird iontu ar mholtaí an Choimisinéara ná ar mholtaí an phobail i dtaobh na reachtaíochta nua. Measadh gur lagú seachas láidriú an Achta a bheadh mar thoradh ar na ceannteidil.

Tá an chuma ar an scéal anois, áfach, go gcaithfear i dtraipisí na ceannteidil sin agus é i gceist ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne moltaí faoin reachtaíocht leasaithe a lorg ón gCoiste Oireachtais nua don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie tráthnóna, dúirt an Coimisinéir Teanga,  Rónán Ó Domhnaill “nár fhreastail na ceannteidil beag ná mór ar riachtanais ná éilimh phobal na Gaeilge agus gurbh é an rud is tábhachtaí anois ná go dtabharfaí reachtaíocht isteach a láidreodh cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta”.

“Is gá aghaidh a thabhairt sa Bhille ar cheist chóras na scéimeanna teanga nach bhfuil ag feidhmiú mar ba chóir agus sraith caighdeán a thabhairt isteach a leagfadh na dualgais teanga is troime ar na comhlachtaí poiblí is mó a bhíonn ag plé leis an bpobal.

“Ba cheart chomh maith go mbeadh foráil dhíreach sa reachtaíocht nua a chinnteodh go mbeadh Gaeilge ag oibrithe poiblí atá ar dualgas sa Ghaeltacht nó ag cur seirbhísí ar fáil sa Ghaeltacht.”

Dúirt an Coimisinéir Teanga go raibh práinn ag baint chomh maith le ceist na Gaeilge sa chóras earcaíochta sa státchóras.

“Dar ndóigh, is gá aghaidh a thabhairt ar cheist na Gaeilge i gcúrsaí earcaíochta mar is léir nach bhfuil an córas atá ann faoi láthair ag obair ar chor ar bith. Ní fiú a bheith ag caint ar chearta teanga mura bhfuil dóthain daoine a bhfuil Gaeilge acu fostaithe sa státchóras chun feidhm a thabhairt do na cearta sin,”a dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.