Gan aon socrú fós faoi Ollamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh

Cuireadh ceist ar an Aire Oideachais sa Dáil ar chúis imní di go bhfuil an folúntas ann le nach mór trí bliana anuas

NUIG_DSC00304-770x4491-770x449

Ní fios go fóill cén uair atá sé i gceist ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh Ollamh le Nua-Ghaeilge a cheapadh ná cathain a fhógróidh siad an folúntas don phost áirithe sin, atá gan líonadh le nach mór trí bliana anuas.

Meastar anois go bhféadfadh go mbeidh Roinn na Gaeilge san ollscoil gan aon Ollamh do thús na bliana acadúla nua i bhfómhar na bliana seo.

D’fhiafraigh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais sa Dáil an tseachtain seo caite ar chúis imní di go bhfuil an folúntas ann le nach mór trí bliana anuas.

D’éirigh Gearóid Denvir as a chúram mar Ollamh le Nua-Ghaeilge i samhradh na bliana 2014.

Dúirt an tAire Oideachais Jan O’Sullivan gur faoi OÉ Gaillimh féin a bhí sé plé le haon fholúntas a thagann chun cinn. Cé gur tugadh isteach moratóir ar earcú don earnáil phoiblí le linn na géarchéime eacnamaíochta, bhí “solúbthacht shuntasach” ann, a dúirt sí, maidir le folúntais a líonadh “trí earcú nó ardú céime” in institiúidí oideachais.

Dúirt an tAire go raibh a Roinn ag obair ar Chreat Rialála Fostaíochta nua d’earnáil an ardoideachais don bhliain acadúil 2016/2017.

Dúirt an t-iar-ollamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, Alan Titley, ag deireadh na bliana seo caite gur rud “tubaisteach” é go mbeadh Roinn na Gaeilge in OÉG ag feidhmiú gan aon ollamh buan agus mheas sé gur chun roinnt éigin airgid a shábháil atá an folúntas gan líonadh.

Níor éirigh le Tuairisc.ie aon fhreagra a fháil ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar cheist a chuireamar orthu maidir le cathain a fhógrófar an folúntas.

Fág freagra ar 'Gan aon socrú fós faoi Ollamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh'

  • Fearn

    Tír gan Ollamh Ghaeilge gan rialtas.

    Cad a dhéanaimis feasta gan stiúradh?