Gan aon socrú déanta fós ag Roinn na Gaeltachta le húinéir Aerfort na Mine maidir le seirbhís aeir

Thug an tAire Stáit Gaeltachta Seán Kyne le fios ag cruinniú i dtithe an Oireachtais tráthnóna inné nach raibh aon socrú déanta go fóill maidir leis na costais a bhainfeadh le soláthar Aerfort na Mine don aersheirbhís nua d'Oileáin Árann

Seán Kyne

Níl aon socrú déanta fós ag Roinn na Gaeltachta le húinéir Aerfort na Mine maidir leis an bpróiseas tairisceana d’aersheirbhís d’Oileáin Árann.

Thug an tAire Stáit Gaeltachta Seán Kyne an méid sin le fios tráthnóna inné agus é ag freagairt ceiste ag cruinniú de chuid an Choiste Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.

Le linn an chruinnithe, d’fhiafraigh an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív den Aire Kyne cén staid ag a raibh an próiseas tairisceana le haersheirbhís a chur ar fáil d’Oileáin Árann.

Dúirt an tAire Kyne go bhfuiltear “ag obair ar feadh trí mhí go leith” ar an bpróiseas, ach nach bhfuil aon socrú déanta fós ag Roinn na Gaeltachta le húinéir an aerfoirt.

Bhí súil aige go ndéanfaí an socrú maidir leis na costais a bhainfeadh le soláthar Aerfort na Mine don aersheirbhís nua roimh an 15 Iúil.

Beidh an conradh atá ag Aer Arann Islands le haersheirbhís a chur ar fáil d’Oileáin Árann istigh ag deireadh mhí Mheán Fómhair na bliana seo.

Is do sheirbhís aeir as Aerfort na Mine amháin atá tairiscintí á lorg mar chuid den phróiseas tairisceana nua a fógraíodh i mí Aibreáin.

Is le húinéir Aer Arann Islands, an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh, Aerfort na Mine.

Ag labhairt dó ag an gcruinniú inné, ghéill an tAire Kyne chomh maith nach raibh “gach uile rud bainte amach mar ba cheart” faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Dúirt sé áfach go raibh “dul chun cinn déanta” ó tháinig an straitéis i bhfeidhm in 2010.

“Tá  tú [an Teachta Ó Cuív] ceart go dteastaíonn airgead. Beidh mé ag déanamh athbhreithniú air sin agus beidh mé sásta a bheith ag obair leis an gCoiste eile [Gaeilge agus Gaeltachta] le tuilleadh airgid a fháil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht,” a dúirt sé.

Cuireadh ceist freisin le linn an chruinnithe faoi Bhille na dTeangacha Oifigiúla atá gan foilsiú le fada. Dúirt an tAire Kyne go raibh sé i gceist aige an Bille sin a phlé ag cruinniú de Choiste Idir-Ranna a thionólfar an tseachtain seo agus go bhfuil sé i gceist aige plé a dhéanamh ag an gcruinniú sin freisin ar na lochtanna a fuair Conradh na Gaeilge, an Coimisinéir Teanga agus páirtithe an fhreasúra ar cheannteidil an Bhille.

Pléadh Údarás na Gaeltachta ag an gcruinniú inniu freisin agus mhaígh cathaoirleach an choiste, an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Peadar Tóibín, go bhfuil “easpa muiníne” ag foireann an Údaráis as an eagraíocht fiontraíochta agus go raibh ceist na hinfheistíochta san eagraíocht le réiteach.

Idir an dá linn, d’fhógair an tAire Kyne níos túisce sa lá go raibh €85,000 ceadaithe aige d’Fhoras na Gaeilge le tús a chur leis an bpróiseas pleanála teanga chun trí ‘Líonra Gaeilge’ agus dhá ‘Bhaile Seirbhíse Gaeltachta’ a aithint faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Bronnfar an t-airgead ar chúig ghrúpa pobail atá i mbun na pleanála teanga.

Íocfar deontas le Muintir Chrónáin Teo i gCluain Dolcáin, An Clár as Gaeilge in Inis agus le Gaeilge Locha Riach i mBaile Locha Riach. Íocfar na deontais chun pleananna teanga a ullmhú ar mhaithe le haitheantas a bhaint amach mar Líonra Gaeilge. Íocfar deontas freisin le dreamanna i Leitir Ceanainn agus cathair na Gaillimhe atá ag iarraidh go mbeadh aitheantas ag na bailte sin mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta.

Agus an maoiniú á fhógairt aige, dúirt an tAire Kyne gur “céim mhór eile chun cinn í” maidir le spriocanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a bhaint amach.

Fág freagra ar 'Gan aon socrú déanta fós ag Roinn na Gaeltachta le húinéir Aerfort na Mine maidir le seirbhís aeir'