‘Gan aon rogha ag daoine sa Ghaeltacht faoin ionad altranais a rachaidh siad ann’ – cruinniú práinne i nGaillimh amárach

I nGaeltacht Chonamara, bhí ar dhaoine a bhí ligthe amach as an ospidéal i nGaillimh dul chuig tithe altranais gar do chathair na Gaillimhe, fiú agus leaba ar fáil dóibh i dtithe altranais ina gceantar féin

‘Gan aon rogha ag daoine sa Ghaeltacht faoin ionad altranais a rachaidh siad ann’ – cruinniú práinne i nGaillimh amárach

Pictiúr: Photo/RollingNews.ie

Beidh ar dhaoine i gcuid mhór de Ghaeltacht na Gaillimhe agus i gcuimse ceantar tuaithe sa gcontae dul isteach go tithe altranais in aice na cathrach fad a bheidh siad ag teacht chucu féin tar éis tréimhse san ospidéal, fiú dá mb’fhearr le go leor acu a bheith i dteach altranais níos gaire do bhaile.

Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte sa tóir faoi láthair ar thairiscintí ó thithe altranais i gContae na Gaillimhe a bheadh sásta leapacha a chur ar fáil dóibh siúd a mbeadh scíth roinnt seachtainí uathu tar éis teacht amach as ospidéal. 

Ach caithfidh na tithe altranais sin a bheith i bhfoisceacht 30 ciliméadar do chathair na Gaillimhe, de réir na dtéarmaí atá leagtha síos ag an bhFeidhmeannacht.

Baineann na tairiscintí sin le tithe altranais san earnáil phríobháideach agus is san earnáil sin atá formhór na dtithe altranais sa gcontae sin.

Tá cruinniú práinneach tarraingthe ag Cumann Thithe Altranais Príobháideacha na hÉireann i mBaile Chláir na Gaillimhe amárach chun plé a dhéanamh ar an leagan amach seo atá fógartha ag Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte i gContae na Gaillimhe.  Ach, tá fianaise ann go bhfuil a leithéid seo de chóras ar bun, más  go neamhoifigiúil féin é, le scaitheamh.

I nGaeltacht Chonamara féin, bhí ar dhaoine a bhí ligthe amach as an ospidéal i nGaillimh dul chuig tithe altranais gar do chathair na Gaillimhe, fiú agus leaba ar fáil dóibh i dtithe altranais ina gceantar féin.  Ní raibh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag tabhairt aon rogha do dhaoine le tamall ach dul chuig tithe altranais áirithe a bhí ainmnithe ag an bhFeidhmeannacht agus is cosúil go bhfuiltear ag cloí leis an bpolasaí sin anois.

Mura dtéann duine chuig an teach altranais atá roghnaithe ag an bhFeidhmeannas, caithfidh an duine féin íoc as an gcúram. Faoi théarmaí an chórais sláinte, tá tréimhse ag dul do dhuine in aisce i dteach altranais tar éis an ospidéil má tá scíth agus cúram breise ag teastáil ar feadh tamaill.  Is minic gur seachtain a bhíonn i gceist ach scaití, bíonn coicís i gceist. Bheadh tréimhse níos faide ag teastáil ó chorrdhuine.

Mura bhfuil duine atá ag fágáil an ospidéil sásta cloí leis an treoir a thabharfaidh an Feidhmeannas Sláinte dó, beidh air íoc as an ionad cúraim a roghnóidh sé/sí féin.

Dúirt urlabhraí ó Chumann na dTithe Altranais Príobháideacha nach bhfuil an socrú sin i gclár ná i bhfoirm agus gur cheart go bhféadfadh duine dul chuig a rogha teach altranais faoi chóras íocaíochta an Stáit.

Dúirt sé freisin gur cheart go dtabharfadh Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte tacaíocht do thithe altranais amuigh faoin tuath.  “Cuidíonn na tithe altranais seo go mór leis an bpobal áitiúil agus tá ardchaighdeáin cúraim le fáil iontu,” a dúirt sé. Tá cuireadh tugtha do Theachtaí Dála agus d’ionadaithe poiblí eile chuig an gcruinniú in Óstán Bhaile Chláir na Gaillimhe ag a 4 tráthnóna amárach.