Gan aon mhaolú ar sheasamh an UUP i ndiaidh cruinniú le Conradh na Gaeilge

Dúirt ceannaire an UUP le Tuairisc.ie i ndiaidh an chruinnithe le Conradh na Gaeilge go raibh ‘Tuaisceart Éireann i ngreim ag ceist an Achta Gaeilge’ agus í ag ‘cothú scoilt sa tsochaí’

Gan aon mhaolú ar sheasamh an UUP i ndiaidh cruinniú le Conradh na Gaeilge

Ní thacóidh an UUP le hAcht Gaeilge ó thuaidh.

Dheimhnigh ceannaire an pháirtí Robin Swann an méid sin arís ag cruinniú a bhí ag ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge le hionadaithe ón UUP i Stormont tráthnóna.

Dúirt an UUP i ráiteas a eisíodh i ndiaidh an chruinnithe “nach bhfuil aon fhadhb” ag an bpáirtí leis an nGaeilge féin ná lucht a labhartha ach nach bhfeictear dóibh go bhfuil gá le hAcht Gaeilge ó thuaidh.

Bhí ionadaithe Chonradh na Gaeilge “sásta” leis an gcruinniú a bhí acu tráthnóna le ceannaire an UUP, Robin Swann, agus ionadaithe eile ón bpáirtí Aontachtach, an t-iarshaighdiúir Doug Beattie agus Stephen Barr, Oifigeach Polasaí an pháirtí, ach dúirt ceannaire an UUP le Tuairisc.ie nach bhfuil aon athrú i ndán do mheon an pháirtí maidir le ceist an Achta Gaeilge.

“Fáiltímid roimh an deis dul i dteagmháil le hionadaithe ó phobal na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus Forbairt Feirste. Bhí cainteanna macánta, urramacha ann ar maidin. Dúramar arís nach raibh aon fhadhb againn leis an nGaeilge ach nach síleann muid gur gá Acht Gaeilge a thabhairt isteach.

“Léiríomar an imní atá orainn go bhfuil an díospóireacht faoin Acht Gaeilge atá ar bun faoi láthair ag cothú scoilt sa tsochaí. Léiríomar frustrachas freisin go bhfuil ceist an Achta Gaeilge ina ‘ceist líne dhearg’ sna cainteanna polaitíochta faoi láthair agus go bhfuil Tuaisceart Éireann á choimeád ina bhrá gill ag an scéal seo. Ní féidir leanúint ar aghaidh mar sin,” a dúirt Robin Swann.

Ba í seo an chéad uair a raibh cruinniú ag Conradh na Gaeilge leis an UUP leis an éileamh atá ar Acht Gaeilge ó thuaidh a phlé. Bhí cruinnithe ag an gConradh le Sinn Féin, an SDLP, Alliance, PBP, an Comhaontas Glas agus leis an DUP roimhe seo faoin gceist chéanna. Tá na páirtithe sin ar fad, seachas an DUP, ag tacú leis an éileamh.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta an Chonartha, go raibh sé “sásta gur ghlac an UUP leis an gcuireadh” suí síos leis an gConradh agus cúrsaí reachtaíocht teanga a phlé.

“Is léiriú é cruinniú an lae inniu leis an UUP – móide an tacaíocht atá ann cheana féin – ar chumhacht an fheachtais phobalbhunaithe seo ina bhfuil cearta, cothromas agus cóir á lorg don teanga.

“Cé gur léirigh an UUP go bhfuil meas acu ar an teanga agus ar phobal a labhartha agus go dtuigeann siad gur dlúthchuid dár bhféiniúlacht anseo í, agus – níos tábhachtaí fós – go bhfuil cosaintí de dhíth, níl siad ag tacú leis an éileamh ar son Achta Ghaeilge,” a dúirt sé.

Dúirt Mac Giolla Bhéin go bhfuil pobal na Gaeilge “ag fanacht rófhada” ar an stát reachtaíocht a thabhairt isteach a dhéanfadh “cosaint ar chearta daonna”.

“Tá muid ag éileamh ar an UUP agus ar na páirtithe eile ar fad teacht le chéile agus tacaíocht a thabhairt do na moltaí seo atá déanta ag Conradh na Gaeilge, agus reachtaíocht um chosaint agus um fhorbairt na teanga a thabhairt isteach, de réir mholtaí Chomhairle na hEorpa, na Náisiún Aontaithe, agus Choimisiún Thuaisceart Éireann um Chearta an Duine, faoi mar a gealladh i gComhaontú Chill Rímhinn breis agus deich mbliana ó shin,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.