Gan aon athrú ar lucht féachana ‘Ros na Rún’ de bharr easpa fotheideal Béarla — figiúirí nua

Tá rogha anois ag daoine breathnú ar Ros na Rún gan fotheidil dhoghreanta Bhéarla, agus is cosúil nach bhfuil an socrú nua ag imirt aon tionchar diúltach ar na figiúirí féachana

Gan aon athrú ar lucht féachana ‘Ros na Rún’ de bharr easpa fotheideal Béarla — figiúirí nua

Is cosúil nár chuir an cinneadh fáil réidh le fotheidil ar Ros na Rún ar TG4 isteach rómhór ar líon na ndaoine a bhreathnaigh ar an sobalchlár, atá á chraoladh ar an stáisiún ó bunaíodh 21 bliain ó shin é.

Chinn TG4 go mbeadh rogha feasta ag daoine breathnú ar Ros na Rún gan fotheidil ghreanta Bhéarla, an chéad uair riamh ar tugadh a leithéid de rogha dá lucht féachana teilifíse.

De réir figiúirí a chuir TG4 ar fáil do Tuairisc.ie, bhí an lucht féachana a bhí ag leath de na chéad chláir gan fotheidil dhoghreanta Bhéarla níos mó ná an meánlucht féachana a bhí ag an sobalchlár anuraidh.

Ar an 7 Meán Fómhair, an chéad uair a tugadh rogha i dtaobh na bhfotheideal d’eagrán Déardaoin an chláir, bhí lucht féachana níos mó aige mar a bhí ag aon eagrán lár-seachtaine eile den chlár ó mhí Bealtaine 2015.

35,000 duine ar an meán a d’fhéach ar Ros na Rún tráthnóna Déardaoin an 7 Meán Fómhair, dúbailt an mheánlucht féachana a bhí ag an sobalchlár in 2016 — 17,600.

Bhí líon na ndaoine a d’fhéach ar an gclár Déardaoin an 14 Meán Fómhair níos airde ná meánlucht féachana na bliana seo caite freisin, agus 20,100, ar an meán, a roghnaigh Ros na Rún, le fotheidil nó gan fotheidil, an oíche sin.

Bhí na figiúirí do chéad eagráin na Máirt inar tugadh rogha mar gheall ar na fotheidil níos ísle ná meán lucht féachana na bliana seo caite, ach is minic lucht féachana níos ísle ná an meán ag eagráin na Máirt, go háirithe má bhíonn cluichí móra sacair á n-imirt.

Dé Máirt, an 5 Meán Fómhair, bhí lucht féachana 13,100 ag Ros na Rún, agus foireann na hÉireann ag imirt ag an am céanna i gcoinne na Seirbia.

Ó thús an tséasúir seo de Ros na Rún, níl na fotheidil ghreanta Bhéarla, a bhíonn ar nach mór gach uile chlár nach clár beo Gaeilge é a chraoltar ar TG4, le feiceáil ar an scáileáin ar eagráin lár-seachtaine an tsobalchláir.

Tá rogha ag lucht féachana an tsobalchláir fotheidil Bhéarla a chur ar siúl oíche Dé Máirt agus oíche Déardaoin.

Thug urlabhraí ó TG4 le fios go raibh sé “luath sa séasúr fós” le breithiúnas críochnúil a thabhairt ar shraith atá “mar ancaire sa sceideal ar feadh tréimhse chomh fada gach bliain agus ina mbíonn na snátha scéil ag tuilleadh is ag trá”.

Dúirt an t-urlabhraí chomh maith go bhfágann an iomaíocht ó stáisiúin eile a “ghéaraíonn agus a lagann” a rian féin ar na patrúin fhéachana.

Dúirt sé, áfach, go bhfuil lucht an stáisiúin “thar a bheith sásta” go bhfuil an chuma ar an scéal nach bhfuil an socrú nua maidir leis na fotheidil ag cur isteach ar líon na ndaoine a bhreathnaíonn ar Ros na Rún.

“Ar an gcéad amharc ar na figiúirí is deireanaí seo, áfach, shílfeá nár imir an socrú nua maidir le fotheidil ar chraoladh 8.30pm aon tionchar diúltach ar na figiúirí féachana teilifíse,” a dúirt an t-urlabhraí.

Fág freagra ar 'Gan aon athrú ar lucht féachana ‘Ros na Rún’ de bharr easpa fotheideal Béarla — figiúirí nua'