Gan aon fholúntas do chainteoirí Gaeilge ag 12 roinn stáit

Deir 12 aire rialtais nach bhfuil oiread agus folúntas amháin ina ranna a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leis

30/1/2014. Dail Scenes

Tá sé admhaithe ag 12 aire rialtais nach bhfuil oiread agus folúntas amháin ina ranna a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leis.

De réir eolais nua, níl sa státseirbhís faoi láthair ach ocht gcinn d’fholúntais a bhfuil líofacht i nGaeilge luaite leo.

Baineann trí cinn de na folúntais sin le Roinn na Gaeltachta, baineann dhá cheann acu leis an Roinn Gnóthaí Leanaí agus Óige agus baineann dhá cheann eile acu leis an Roinn Cumarsáide.

Tá folúntas amháin a bhfuil líofacht i nGaeilge luaite leis sa Roinn Coimirce Sóisialaí.

Thug an Taoiseach Enda Kenny agus na hairí eile ar fad le fios nach raibh aon fholúntas ina ranna a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leis.

Ba ag tabhairt freagra ar shraith ceisteanna Dála ó urlabhraí airgeadais Shinn Féin, Pearse Doherty, a bhí na hairí.

Thug an tAire Iompair Paschal Donohoe le fios nach raibh ach post amháin sa Roinn Cumarsáide a gcaithfeadh Gaeilge a bheith ag duine le dul ina bhun.

“There is one post within my Department which requires competence in the Irish language and that is the Irish Language Officer post. This post was filled internally in November 2015. No other posts requiring such competence have been identified,” a dúirt Donohue.

Is é an t-iniúchadh ar líon na bpost a dteastaíonn Gaeilge ina gcomhair an chéad chéim sa chóras nua a tugadh isteach sa státseirbhís in áit ‘córas na marcanna bónais’ don Ghaeilge.

Mhaígh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Brendan Howlin cheana nach raibh aon phost ar leith ina roinn a bhfuil duine le Gaeilge riachtanach dó.

Is í an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a thug treoir do na ranna eile liostú a dhéanamh ar na poist acu ina bhfuil sé riachtanach go mbeadh Gaeilge ag duine.

Dúirt an tAire Howlin arís an tseachtain seo nach raibh aon fholúntas ina roinn a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leis.

“There are currently no vacancies in my Department that require candidates to demonstrate a particular level of competence in the Irish language,” a dúirt Howlin.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ag deireadh na bliana seo caite, is ar bhonn deonach amháin atá seirbhísí Gaeilge á soláthar ag ranna stáit áirithe, seachas trí chóras eagraithe.

Thug an tAire Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta ‘a mbeannacht’ don chur chuige ‘deonach’ seo i leith seirbhísí Gaeilge a sholáthar don phobal.

Dúirt an tAire Cosanta Simon Coveney an tseachtain seo nach raibh aon phoist Roinn Cosanta a bhfuil líofacht sa Ghaeilge ina riachtanas dóibh.

“There are no positions within the Department of Defence which require personnel to display competence in the Irish language,” a dúirt Coveney.

Thug an tAire Gnóthaí Eachtracha Charlie Flanagan agus an tAire Oideachais Jan O’Sullivan le fios gur fostaíodh le déanaí ina ranna siúd beirt oifigeach cléireachais a bhfuil Gaeilge acu.

Bhain conspóid mhór leis an bhfógra in 2013 go raibh córas nua bunaithe ar phainéal earcaíochta le teacht in áit chóras na marcanna bónais don Ghaeilge sa státseirbhís.

Nuair a tugadh an córas nua isteach, dúirt an tIar-Choimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin nach n-oibreodh a leithéid de chur chuige agus “fiú dá gcuirfí i bhfeidhm ar an mbealach is dearfaí é” go dtógfadh sé ar a laghad 28 bliain céatadán na ndaoine le Gaeilge i measc an 30,000 státseirbhíseach sa státchóras a dhúbailt ó 1.5% go 3%.