Gan aon ‘dul chun cinn’ déanta ag an gcruinniú idir Sinn Féin agus Foras na Gaeilge maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin faoi ionaid Ghaeilge

Tá Sinn Féin den tuairim nár cheart go mbeadh an próiseas comhairliúcháin ar bun ar chor ar bith nuair nach bhfuil aon Fheidhmeannas ann ó thuaidh

Gan aon ‘dul chun cinn’ déanta ag an gcruinniú idir Sinn Féin agus Foras na Gaeilge maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin faoi ionaid Ghaeilge

Tuigtear do Tuairisc.ie go raibh cruinniú ag ionadaithe ó Shinn Féin agus Foras na Gaeilge maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin faoin maoiniú a chuirtear ar fáil d’ionaid Ghaeilge atá ar siúl ag an eagraíocht teanga faoi láthair.

Tá Sinn Féin den tuairim nár cheart go mbeadh an próiseas comhairliúcháin ar bun ar chor ar bith nuair nach bhfuil aon Fheidhmeannas ann ó thuaidh.

Scríobh an t-iarAire Airgeadais, Máirtín Ó Muilleoir, chuig Foras na Gaeilge an tseachtain seo caite, ag iarraidh cruinniú leis an eagraíocht thrasteorann mar gheall ar na moltaí atá sa cháipéis chomhairliúcháin i dtaobh airgead a bhaint de bhuiséad na gCultúrlann i mBéal Feirste agus i nDoire, le hairgead a chur ar fáil d’fhorbairt ionaid eile ar fud na tíre.

Tuigtear do Tuairisc.ie go raibh cruinniú ag baill Shinn Féin le hionadaithe ó Foras na Gaeilge ach gur ar “malairt tuairime” a bhí an dá dhream agus nár thángthas ar réiteach a bhí “sásúil” do Shinn Féin.

Dúirt duine atá gníomhach i bpáirtí  Shinn Féin le Tuairisc.ie gur “cruinniú an-oscailte” a bhí ann agus go ndearnadh “plé fada” ar an gceist ach nach ndearnadh “aon dul chun cinn”.

Dúradh gur cheart an Foras a mholadh as cruinniú a eagrú le baill an pháirtí ach gurb é an chaoi a bhfuil an dá dhream ar “mhalairt tuairime” faoin gcur chuige atá glactha ag an bhForas chuige féin.

An tseachtain seo caite, dúirt Máirtín Ó Muilleoir le Tuairisc.ie gur “meancóg” a bhí ann an dá Chultúrlann “a ionsaí” agus “ciorruithe crua” a chur i bhfeidhm ar an “dá ionad Gaeilge is mó sa tír”. Dúirt sé freisin nár cheart don Fhoras a bheith i mbun a leithéid de phróiseas comhairliúcháin nuair nach bhfuil an Feidhmeannas ó thuaidh ann.

An tseachtain seo, cháin Conradh na Gaeilge cinneadh Fhoras na Gaeilge “teacht chun tosaigh” nó teacht roimh éileamh atá déanta acu féin tuilleadh infheistíochta a dhéanamh sna heagraíochtaí Gaeilge.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn ar an gclár 7 Lá ar TG4 gurb é an rud is tábhachtaí faoin bpróiseas comhairliúcháin atá fógartha ag Foras na Gaeilge maidir leis an maoiniú a chuirfear ar fáil d’ionaid Ghaeilge timpeall na tíre ná go bhfuil an Foras “ag aithint go bhfuil gá le ciste” le cabhrú leis na hionaid sin, agus go bhfuil an eagraíocht “le moladh” as an méid sin.

Dúirt sé freisin, áfach, go bhfuil Foras na Gaeilge “ag teacht chun tosaigh” ar an éileamh atá déanta ag an gConradh, i gcomhar le 80 eagraíocht eile, go gcuirfeadh an dá rialtas níos mó airgid ar fáil do thionscnaimh Ghaeilge.

Tá “feachtas ollmhór” ar bun ag an dá Chultúrlann ó thuaidh in éadan na moltaí atá curtha chun cinn ag Foras na Gaeilge mar chuid den phróiseas comhairliúcháin maidir le maoiniú a chur ar fáil d’ionaid Ghaeilge ar fud fad na tíre.

Ar cheann de na roghanna a bhfuiltear ag lorg tuairimí an phobail faoi, tá an moladh go  gcuirfí uasmhéid €70,000 (£50,000) ar fáil d’ionaid Ghaeilge ar fud na tíre agus go mbeadh maoiniú laghdaithe dá réir sin ag an dá Chultúrlann ó thuaidh.