Gan aon chinneadh fós faoi acmhainní do pholasaí oideachais Gaeltachta

Cinneadh le déanamh i gcónaí maidir le líon na n-acmhainní a bheidh i gceist don pholasaí a fhoilseofar uair éigin roimh dheireadh na bliana seo

Úla

Tá cinneadh le déanamh fós ag an Rialtas maidir leis na hacmhainní a chuirfear ar fáil chun an polasaí oideachais nua don Ghaeltacht a chur i bhfeidhm.

I ráiteas a eisíodh le Tuairisc.ie thug an tAire Oideachais agus Scileanna Richard Bruton le fios go gcuirfeadh sé an polasaí Gaeltachta faoi bhráid an Rialtais roimh dheireadh na bliana seo.

Thug an tAire le fios go raibh sé “aitheanta” ag an Rialtas go mbeadh “acmhainní breise” ag teastáil don pholasaí nua ach go raibh “cinneadh le déanamh fós maidir le líon na n-acmhainní a bheidh i gceist”.

Bhíothas ag súil, nuair a foilsíodh na moltaí don pholasaí oideachais nua don Ghaeltacht anuraidh, go gcuirfí i bhfeidhm é ag tús na scoilbhliana 2016.

Tugann na dréachtmholtaí oideachais, a d’fhoilsigh an t-iarAire Jan O’Sullivan i mBealtaine 2015, aghaidh ar chuid de na dúshláin is mó atá roimh theagasc na Gaeilge sna ceantair ina bhfuil sí fós in uachtar mar theanga phobail agus theaghlaigh.

Déantar moltaí ar leith don chainteoir dúchais sa dréachtpholasaí agus moltar ann freisin go dtabharfaí tacaíocht do scoileanna Gaeltachta atá ag teagasc i mBéarla le tosú ag teagasc trí Ghaeilge.

Tugadh le fios ag díospóireacht oscailte a reáchtáladh i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite i gceannáras na Roinne Oideachais go gcuirfí bailchríoch ar an bpolasaí nua Gaeltachta roimh dheireadh na bliana 2015 agus go bhfoilseofaí é go luath in 2016.

Dheimhnigh an Roinn Oideachais arís i mí Eanáir na bliana seo go raibh sé i gceist an polasaí nua a fhoilsiú “go luath in 2016”.

I bhfreagra ar cheist ó Catherine Martin TD i ndeireadh mhí na Bealtaine, dúirt an tAire Bruton gur roimh bhriseadh an tsamhraidh a chuirfeadh sé an polasaí faoi bhráid an Rialtais, ach thug sé le fios i bhfreagra ar cheist a chuir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív (FF) air an mhí seo caite gur uair éigin le linn na bliana reatha, 2016, a bheadh an polasaí Gaeltachta á chur faoi bhráid an Rialtais aige.

Ba mhór an spéis a chuir an pobal sa pholasaí nua. Faoi mhí Iúil na bliana seo caite, dhá mhí i ndiaidh fhoilsiú na moltaí, bhí os cionn leathmhíle aighneacht faighte ag an Roinn Oideachais ó scoileanna, múinteoirí, tuismitheoirí agus eagraíochtaí teanga agus pobail.

Tugadh suntas ar leith do na moltaí mar gurb é sin an chéad uair ó bunaíodh an stát ar thug an Roinn Oideachais aitheantas oifigiúil do na riachtanais ar leith a bhíonn ag daltaí ar cainteoirí dúchais iad. Go dtí seo, níor forbraíodh ná níor feidhmíodh aon pholasaí sainiúil le dul i ngleic leis na dúshláin oideachais a bhíonn roimh pháistí, múinteoirí agus scoileanna sa Ghaeltacht.

Fág freagra ar 'Gan aon chinneadh fós faoi acmhainní do pholasaí oideachais Gaeltachta'