Gan Aire ar bith i láthair ag Coiste Oireachtais chun ceisteanna faoi chiorruithe Gaeilge a fhreagairt

D’aontaigh baill de Choiste Oireachtais inniu litir a chur go dtí an tAire Heather Humphreys chun a ndíomá a chur in iúl faoin scéal nach raibh sí féin ná Aire Stáit na Gaeltachta i láthair ag cruinniú ar maidin

Gan Aire ar bith i láthair ag Coiste Oireachtais chun ceisteanna faoi chiorruithe Gaeilge a fhreagairt

Ba ‘údar mór díomá’ do bhaill an Chomhchoiste Oireachtais a bhíonn ag plé le cúrsaí Gaeltachta nach raibh an tAire Heather Humphreys nó an tAire Stáit Seán Kyne i láthair ag cruinniú inniu le ceisteanna a fhreagairt faoi na ciorruithe atá déanta ar bhuiséad na Gaeilge.

D’aontaigh baill an choiste ag an gcruinniú tráthnóna go gcuirfí litir go dtí an tAire Humphreys chun a ndíomá faoin scéal a chur in iúl agus chun cuireadh a thabhairt di teacht i láthair an choiste arís as seo go ceann trí seachtaine.

Dúirt Cathaoirleach an choiste, an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Peadar Tóibín, gur tugadh fógra deich lá don Aire Humphreys faoin gcruinniú agus nach bhfuarthas scéal uaithi nach mbeadh sí i láthair go dtí Dé hAoine seo caite.

Dúirt an Seanadóir de chuid Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh go raibh “neart ceisteanna práinneacha” le cur ar an Aire faoin soláthar do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i mBuiséad 2017. Dúirt Ó Clochartaigh go raibh sé “do-ghlactha” nach raibh an tAire Humphreys ná an tAire Stáit Kyne i láthair chun ceisteanna a fhreagairt mar a bhí beartaithe.

Mhaígh an Seanadóir chomh maith go bhfuil an cháil amuigh ar an Aire Humphreys go mbíonn sí “ag seachaint agallamh leis na meáin faoi chúrsaí Gaeilge”. “Más fíor don Aire go bhfuil na cúraimí sin tarmligthe aici don Aire Stáit, cén fáth nach bhfuil an tAire Kyne i láthair?” a d’fhiafraigh an Seanadóir as an nGaeltacht.

Tugadh le fios le linn an chruinnithe go raibh ar an Aire freastal ar chruinniú Rialtais inniu, ach dúirt baill an choiste gur cheart an tAire Stáit Seán Kyne a bheith i láthair ina háit chun ceisteanna a fhreagairt.

Bhí an tAire Humphreys in ainm is a bheith i láthair ag an gcruinniú den Choiste Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta chun ceisteanna a fhreagairt faoi bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta agus faoin gconradh do Chlár LEADER in iarthar Chorcaí.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Danny Healy Rae gur léir dó go mbíonn “deacrachtaí ar leith” ag an gCoiste teacht ar an Aire agus go raibh “míchlú” tarraingthe aici ar obair na mball.

Dúirt an Seanadóir de chuid Fhine Gael Maura Hopkins go mb’fhéidir gurb é an “fógra gearr” faoi deara gan Seán Kyne a bheith i láthair.

Chuir an Teachta Dála de chuid Fhine Gael Martin Heydon a mhíshástacht in iúl gur ‘ciorruithe’ ar bhuiséad na Gaeilge a bhí le plé leis an Aire. Dúirt sé go raibh an méid sin “politically charged” agus níor ghlac sé leis go raibh ciorruithe i gceist dáiríre.