Gan aird ar an nGaeilge ag Fáilte Éireann ina bhfeachtas poiblíochta ar son ‘Ireland’s Ancient East’

Cheapfadh duine go dtabharfaí aitheantas ar leith don nGaelainn i bhfeachtas atá ag cur béim ar 5,000 bliain dár stair

 

irelands-ancient-east

Cé gur seoladh go hoifigiúil é breis agus bliain ó shin, i mí an Aibreáin 2015, ní heol don údar seo go bhfuil aon aitheantas á thabhairt don nGaelainn sna feachtais mhóra poiblíochta atá ar bun go tréan le tamall anuas chun aird an phobail a dhíriú ar an gceantar turasóireachta ar a bhfuil Ireland’s Ancient East gairmthe ag an eagras Stáit a chum é, is é sin Fáilte Éireann.

Le mí anuas nó os a chionn, tá nuachtáin lán de leathanaigh fógraíochta maidir le ‘Oirthear Ársa na hÉireann’, más maith leat é sin a thabhairt air, ach is cosúil nach raibh oiread agus ceann amháin de na fógraí sin as Gaelainn ach iad go huile is go hiomlán as Béarla. Níl fhacamar aon leagan Gaelainne faoi bhun an logo atá á úsáid ag Fáilte Éireann chun Oirthear Ársa na hÉireann a  phoibliú.

Ní mar seo atá i dtaca leis an Wild Atlantic Way – conair turasóireachta a thionscain Fáilte Éireann sa bhliain 2014 mar go bhfuil leagan Gaelainne oifigiúil ann de sin – Slí An Atlantaigh Fhiáin, atá faoi bhun an leagan Béarla agus atá i bhfad níos lú ná an cheannlíne Béarla.

Ní bheadh sé sin féin ann murach gur cuireadh brú ar Fháilte Éireann an leagan Gaelainne a bheith ann chomh maith leis an mBéarla.

Is ‘réigiún turasóireachta’, seachas conair turasóireachta a thugann an t-eagras turasóireachta náisiúnta ar Oirthear Ársa na hÉireann atá, a deir siad ‘ag tarraingt as 5,000 bliain de stair oirthear agus dheisceart na hÉireann‘.

Ar na  láithreacha seanda  a bhfuiltear ag cur béim orthu san fheachtas seo tá Gleann na Bóinne agus  Brú na Bóinne, Gleann Dá Loch, Cluain Mhic Nóis, Caisleán Bhaile Átha Troim, Caisleán Chill Chainnigh agus mórán eile.

Deir an t-eagras turasóireachta nach bhfuil aon áit ar leith molta acu chun tús a chur le haon turas ar an gceantar ach go bhfuil cuid mhaith de Chúige Laighean ann maille le  cuid d’Oirthear Mumhan chomh maith.

Measann Fáilte Éireann go bhféadfadh an limistéar seo  600,000 turasóir breise a mhealladh thar sáile go hÉirinn faoi 2020 agus go dtiocfaidh méadú 25%, go €950 milliún ar an teacht isteach turasóireachta chun na tíre dá bharr.

Cheapfadh duine go dtabharfaí aitheantas ar leith don Ghaelainn i bhfeachtas atá ag cur béim ar 5,000 bliain dár stair.  Cé gur chuireamar roinnt ceisteanna faoi scéal go Fáilte Éireann ar ríomhphost tamall de laethanta ó shin, níor thugadar aon fhreagra orainn go nuige seo.

Fág freagra ar 'Gan aird ar an nGaeilge ag Fáilte Éireann ina bhfeachtas poiblíochta ar son ‘Ireland’s Ancient East’'

  • Concubhar

    Rud teorannta go leor é an ‘Ireland’s Ancient East’ seo is cosúil nó is beag suim atá ag lucht na scéime sa teanga a labharadh in ÉÍrinn fadó – agus a labhartar go fóill. Ní raibh súil agam le níos fearr ónár lucht turasóireachta cé gur thug Slí an Atlantaigh Fhiain dóchas áirithe dúinn go mbeadh rudaí ag dul i bhfeabhas seachas in olcas.
    Ar ndóigh is rud eile arís a léiríónn chomh teorannta atá an scéim seo nach gcuireann sé na suíomhanna ársa ó thuaidh den teorainn san áireamh. Níl Eamhain Mhacha, mar shampla, nó Dún Phádraig nó Clochán na bhFomhórach fiú san áireamh san Éirinn ársa seo…. Tá sé níos aistí fós nó tá trí gniomhaireacht turasóireachta ar an oileán, ceann don deisceart, ceann don tuaisceart agus ceann don oileán ar fad. Ní léir fós go bhfuil tuiscint uile Éirinn ar luach turasóireachta an oileáin ag aon cheann den triúr acu….

  • padraig

    milleadh, laitimeireacht, reabadh reilige agus baoth-thollamhoire iad comharthai soirt na mangairi trachtala seo na fuil aon tuiscint acu ar chultur na ar shaiocht ach oiread le poll asail…..

  • Bairbre

    Sheol mise r-phost chuig an mbean atá ‘i gceannas’ ar an bhfeachtas maidir leis an leagan atá in úsáíd ar chomharthaí ‘Sean-Oirthear na hÉireann’ ach ní bhfuair mé freagra ar bith air!