Gan ach ceithre chontae gan geofilter Snapchat ar lá deiridh an chomórtais ‘Gaelsnap’

Tá os cionn 110 geo-scagaire faighte ag an gConradh ó seoladh an comórtas mí ó shin, ach tá siad ag iarraidh ar mhuintir an Chabháin, Fhear Manach, Uíbh Fháilí agus an Longfoirt iarratas a sheoladh roimh mheán oíche

Gan ach ceithre chontae gan geofilter Snapchat ar lá deiridh an chomórtais ‘Gaelsnap’

Tá breis agus 110 iarratas faighte ag Conradh na Gaeilge ó bheagnach gach contae in Éirinn dá gcomórtas Snapchat, ‘Gaelsnap’, a seoladh ag tús na míosa.

Níl aon iarratas faighte fós do chontaetha an Chabháin, Fhear Manach, Uíbh Fhailí agus an Longfoirt, ach dúirt Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha Chonradh na Gaeilge, go bhfuil “dóchas” aige go dtiocfaidh iarratais ó na contaetha sin sula ndúnfar an comórtas ag meán oíche anocht.

“Tháinig níos mó ar maidin ná mar a tháinig lá ar bith eile go dtí seo. Tá cúpla contae ann nach bhfuaireamar aon scagairí uathu go dtí seo agus, déanta na fírinne, ní raibh dóchas agam cúpla lá ó shin go bhfaighimis ceann do gach contae ach tá dóchas anois agam,” a dúirt sé le Tuairisc.ie.

Is é Contae an Chláir an contae is mó ar tháinig scagairí isteach lena aghaidh, dar le Ó Deá, agus tá Dún na nGall sa dara háit. Tháinig iarratas ó Mheiriceá agus tíortha eile do na contaetha sin chomh maith le hiarratais ó mhuintir na hÉireann.

h
Geo-scagaire a dhear Feidhlim Seoighe do Ghaillimh

“Tá cúpla contae ann agus fuaireamar go leor scagairí dóibh ach tá contaetha eile ar nós chontae na Gaillimhe, contae Chorcaí agus contae Ros Comáin nach bhfuaireamar ach scagaire amháin uathu go dtí seo.

“Tá na scagairí a fuaireamar ó na contaetha sin go hiontach, ach ba bhreá linn dá mbeadh rogha ag lucht Snapchat do na contaetha ar fad. Tá mé ag súil go mbeidh ar a laghad dhá scagaire ann do gach contae nuair a chuirfimid na hiarratais ar aghaidh chucu,” a dúirt sé.

Nuair a dhúnfar an comórtas anocht, baileoidh Conradh na Gaeilge na hiarratais ar fad agus cuirfear ar aghaidh chuig lucht Snapchat iad. Déanfaidh Snapchat féin moltóireacht ansin ar na geo-scagairí.

Tá Ó Deá den tuairim go n-iarrfar ar dhearthóirí na scagairí mionathruithe a dhéanamh ar a saothar sula roghnófar na buaiteoirí. Taispeánfar na scagairí nua den chéad uair i mí Mheán Fómhair agus tógfaidh sé “cúpla seachtain ar a laghad” sula mbeidh siad ar fáil ar Snapchat.

Cuireann úsáideoirí na haipe Snapchat geo-scagaire lena gcuid snapanna chun a thaispeáint cá bhfuil siad. D’iarr Conradh na Gaeilge ar an bpobal úsáid a bhaint as dathanna agus séadchomharthaí na gcontaetha agus na scagairí Gaeilge á ndearadh acu.

“Den chuid is mó, cloíodh leis na treoracha sin. Bhí orainn thart ar 40% de na hiarratais a seoladh isteach a chur ar ais ag na dearthóirí mar nár dhóigh linn go mbeadh glacadh ag Snapchat leo, ach bhí formhór na ndaoine sásta iad a athrú beagán agus iad a chur chugainn arís.

“Táimid sásta leis na hiarratais atá faighte againn faoi láthair agus ag súil le níos mó roimh dheireadh an lae,” a dúirt Ó Deá.

Geo-scagaire a dhear Darragh Buckley do Thiobraid Árann

Anuas ar dhathanna na gcontaetha agus séadchomharthaí cáiliúla, bhain roinnt úsáideoirí úsáid as leasainmneacha na gcontaetha ina ndearadh  – leithéidí ‘Na Cait’ do chontae Chill Chainnigh.

Dúirt Ó Deá gur dhear formhór na ndaoine a chuir scagairí isteach ar an gcomórtas íomhá dá gcontae féin ach go raibh “beirt nó triúr” ann a dhear scagairí do níos mó ná contae amháin. Níor chuir duine ar bith iarratais isteach don 32 contae ar fad fós.

Dúnfar an comórtas Gaelsnap anocht. Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar an bpobal an méid geo-scagairí Gaeilge agus is féidir a chur isteach chuig gaelsnap@cnag.ie idir seo agus meán oíche.

Fág freagra ar 'Gan ach ceithre chontae gan geofilter Snapchat ar lá deiridh an chomórtais ‘Gaelsnap’'