Gan ach an bua ar intinn na hÉireann i gcoinne na Seoirsia

Bíonn sé deacair i gcónaí na Seoirsigh a shárú agus tá ceisteanna ann faoi cé chomh láidir agus atá foireann na hÉireann faoi láthair

Gan ach an bua ar intinn na hÉireann i gcoinne na Seoirsia

Roy Keane. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Agus buaicphointe an tséasúir iomána linn amárach, is beag caint atá á déanamh faoi chluiche sacair na hÉireann tráthnóna. Cé gurb é an cluiche idir Gaillimh agus Port Láirge amárach buaicphointe an deireadh seachtaine do go leor daoine, is cluiche thar a bheith tábhachtach d’fhoireann Martin O’Neill cluiche na hoíche anocht in aghaidh na Seoirsia i Tbilisi.

Tá Éire sa dara háit i nGrúpa D faoi láthair agus foireann Martin O’Neill cothrom ar phointí leis an tSeirbia atá sa chéad áit. Agus an tSeirbia ag tabhairt aghaidh ar an bhfoireann is laige sa ghrúpa anocht, an Mholdóiv, níor mhaith le hÉirinn ligean dóibh dul rófhada chun cinn orthu, go háirithe agus na foirne ag imirt a chéile i Staid Aviva Dé Máirt seo chugainn.

Ar an dea-uair, tá ocht gcluiche imeartha againn in aghaidh na Seoirseach agus gan aon cheann caillte againn go fóill. Mar sin féin, ní bhíonn mórán idir na foirne aon uair a chasann siad ar a chéile. Go deimhin, níor bhuaigh foireann na hÉireann aon cheann de na cluichí sin le níos mó ná aon chúl amháin. Is beag seans go mbeidh níos mó ná sin eatarthu anocht.

Tá imreoirí in easnamh ar O’Neill anocht, go háirithe timpeall ar lár na páirce agus Jeff Hendrick agus James McCarthy gortaithe faoi láthair. Gach seans go dtosóidh Harry Arter agus Glenn Whelan taobh leis, ach má cheapann an bainisteoir nach bhfuil fear Bhaile Átha Cliath in ann ag dhá chluiche in achar gairid, seans go dtabharfar deis do David Meyler.

Beidh Éire ag brath ar roinnt imreoirí nach bhfuil mórán peile imeartha acu an séasúr seo chomh maith, leithéidí John Walter, Wes Hoolahan agus Shane Long, a bhfuil fíorbheagán feicthe againn díobh ar pháirc na himeartha le cúpla seachtain anuas.

Nuair a chas Éire agus an tSeoirsia ar a chéile níos luaithe san fheachtas seo, bhí an t-ádh orainn gur aimsigh Seamus Coleman cúl giobach chun an cluiche a bhuachan. Níor mhiste le Martin O’Neill bua den chineál céanna a fháil anocht.

Fág freagra ar 'Gan ach an bua ar intinn na hÉireann i gcoinne na Seoirsia'