Gan ach 10% de phacáistí teanga na Roinne imithe chun na Gaeltachta le cúig bliana anuas

Is ionann líon na bpacáistí teanga a dáileadh ar theaghlaigh Ghaeltachta le cúig bliana anuas agus 15% de líon na dteaghlach a chuireadh isteach ar Scéim Labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht go bliantúil

Gan ach 10% de phacáistí teanga na Roinne imithe chun na Gaeltachta le cúig bliana anuas

Ní dheachaigh ach 10% de na pacáistí teanga a dáileadh le cúig bliana anuas faoin gClár Tacaíochta Teaghlaigh go dtí an Ghaeltacht.

Tugadh an Clár Tacaíochta Teaghlaigh isteach in áit Scéim Labhairt na Gaeilge i mí Aibreáin 2012 “chun tacú ar bhealach ilghnéitheach le treisiú na Gaeilge i dteaghlaigh Gaeltachta”.

4,985 pacáiste teanga ar fad a dáileadh faoin gClár le cúig bliana anuas, ach níor bhain ach 503 acu sin le hiarratais ón nGaeltacht, de réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua.

Líon na bpacáistí teanga a dáileadh sa Ghaeltacht ó 2012

Dáileadh 25% de na pacáistí – 1,222 – ar theaghlaigh i mBaile Átha Cliath. Fiú sna contaetha Gaeltachta, ba mhó iarratas a deineadh ar phacáiste teanga lasmuigh ná laistigh de theorainneacha na Gaeltachta. 93 pacáiste a dáileadh lasmuigh d’Éirinn, níos mó ná mar a dáileadh i mórán ceantar Gaeltachta.

Breis agus 3,350 teaghlach Gaeltachta a chuireadh isteach ar Scéim Labhairt na Gaeilge i mblianta deireanacha na scéime sin. Is ionann, mar sin, líon na bpacáistí teanga a dáileadh ar theaghlaigh Ghaeltachta le cúig bliana anuas – 503 – agus 15% de líon na dteaghlach Gaeltachta a chuireadh isteach ar Scéim Labhairt na Gaeilge.

Ceapadh an Clár Tacaíochta Teaghlaigh “mar bheart faoi leith le cúram a dhéanamh de réimsí na Gaeltachta agus an Teaghlaigh de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030” agus chun “tacú ar bhealach ilghnéitheach le treisiú na Gaeilge i dteaghlaigh Gaeltachta”.

Na contaetha is mó ina raibh éileamh ar phacáistí teanga ó 2012

Faoi Scéim Labhairt na Gaeilge d’íoctaí táille in aghaidh na bliana le teaghlaigh Ghaeltachta a chruthaíodh go raibh Gaeilge líofa ag na páistí iontu. Tugadh an Clár Tacaíochta Teaghlaigh isteach in áit na scéime in Aibreáin 2012. Is faoin gClár sin a dháiltear ‘pacáistí teanga’ ar theaghlaigh óga atá ag tógáil clainne le Gaeilge, pacáistí ina mbíonn leabhair, dlúthdhioscaí, DVDanna agus eolas faoi conas is fearr leanbh a thógáil le Gaeilge. Is iad na teaghlaigh féin a dhéanann iarratas ar phacáiste teanga.

Déantar eolas faoin bpacáiste do theaghlaigh a scaipeadh trí sheirbhísí máithreachais Fheidhmeannas na Seirbhísí Sláinte sna mórcheantair Ghaeltachta.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív, a fuair eolas faoi na pacáistí teanga mar thoradh ar cheist Dála, gur léiriú iad “nach scéim ar bith í seo” chun slat tomhais a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge sa teaghlach ná sa Ghaeltacht.

Dar le hurlabhraí Gaeltachta Fhianna Fáil gur cheart “leagan éigin de Scéim Labhairt na Gaeilge” a thabhairt ar ais chun go mbeadh slat tomhais iontaofa cruinn ann faoi labhairt na Gaeilge.

Na contaetha is lú ina raibh éileamh ar phacáistí teanga ó 2012

Ní gá go mbeadh an scéim sin bunaithe ar airgead a bhronnadh ar theaghlaigh, a dúirt sé, ach bhí a leithéid ag teastáil mar threoir, mar shampla, do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a thugann tús áite do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge.

“Níl ciall ná réasún leis nach bhfuil aon bhealach ag Roinn na Gaeltachta le scrúdú a chur ar líofacht páistí sa Ghaeilge,” a dúirt Ó Cuív.

Reáchtáiltear roinnt scéimeanna eile de chuid na Roinne faoin gClár Tacaíochta Teaghlaigh, ina measc an Scéim Réamhscoile agus Iarscoile, ar cuireadh tús léi in 2014, agus is faoin gClár, mar shampla, a chuirtear maoiniú ar fáil don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Gan ach 10% de phacáistí teanga na Roinne imithe chun na Gaeltachta le cúig bliana anuas'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    B’fhiú níos mó poiblíocht a dhéanamh ar a leithéid seo pacáiste. B’fhéidir físeán a thaispeáint sna hionaid sláinte – go háirithe sa Ghaeltacht. Agus in áiteacha poiblí, ag féilte agus sna hionaid pobail. Ach an bhfuil na canúintí áitiúla sna pacáistí seo? Agus píosaí beaga de chanúintí eile na tíre iontu fosta. Caithfidh muid uilig éirí cleachtaithe leis na canúintí uilig sa tír, níl deacrachtaí ar bith againn na canúintí Béarla a thuigbheál!

  • Úna

    Tá sé dodhéanta teacht ar na pacáistí céanna, tá siad i bhfolach ar shuíomh na Roinne. Tá neart tuismitheoirí nach bhfuil ar an eolas fúthu.