Gaiscí Gaeilgeoir óg ó Ard Mhacha ina spreagadh do chách

Léiríonn Ruairí Ó hEachaidh gur féidir leis an té atá faoi mhíchumas dul san iomaíocht ag an leibhéal is airde

DSC_1986-2

Is minic a bhíonn daoine ag caint ar tús a chur leis an aclaíocht agus le nósanna sláintiúla ag tús na bliana úire ach is duine óg é Ruairí Ó hEachaidh a thugann inspioráid agus spreagadh do lucht a chomhaoise saol spóirtiúil sláintiúil a chaitheamh.

Is dalta é Ruairí atá i mbliain 11 sa Sruth Gaeilge ar Choláiste Chaitríona in Ard Mhacha agus dúil mhór aige sa spórt. Baineann sé sult as an chorpoideachas a dhéanamh don GCSE freisin.  

Sáraíonn Ruairí an bac fisiciúil atá air ar bhealach a léiríonn gur féidir leis an té atá faoi mhíchumas dul san iomaíocht ag an leibhéal is airde, ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Cúpla bliain ó shin, thosaigh Ruairí ag imirt cispheile i gcathaoir rothaí. Tá sé anois ar fhoireann Thuaisceart Éireann agus imríonn sé go rialta fud fad na hÉireann agus i gcomórtais idirnáisiúnta i Sasana. Beidh sé ag taisteal go Londain an deireadh seachtaine seo romhainn chun páirt a ghlacadh i gcomórtas sa Staid Oilimpeach.

Chomh maith leis an dúil atá aige sa chispheil, is léir go bhfuil féith na hiomána i Ruairí. Tá sé ina bhall d’fhoireann Uladh na n-iománaithe cathaoir rothaí. 

100_6750

Thug sé léargas ar a chuid scileanna dá chomhdhaltaí ag seisiún traenála a reáchtáil traenálaithe ó Chumann Lúthchleas Gael Uladh i gColáiste Chaitríona le déanaí.  

Eispéireas ar leith a bhí ann do dhaltaí Choláiste Chaitríona a chuaigh i ngleic leis an chluiche le fonn agus iad ag dul faoi lánluas, ag láimhseáil idir rothaí agus chamáin! 

I ndiaidh d’fhoireann Chúige Uladh an tSraith Náisiúnta a bhaint i mí na Samhna, thacaigh gach duine i gColáiste Chaitríona le Ruairí agus a chomrádaithe nuair a chuaigh siad go Baile Bhlainséir i mBaile Átha Cliath i mí na Nollag chun dul san iomaíocht sa Chraobh Uile-Éireann. Bhí an lá leo agus d’imigh siad abhaile mar bhuaiteoirí na Sraithe agus buaiteoirí Chraobh Uile-Éireann araon!

Nach iontach an rud sa bhliain seo 2016, bliain ina mbeidh na Cluichí Parailimpeacha ar siúl, go bhfuil Gaeilgeoir óg ag spreagadh daoine óga eile chun a ndícheall a dhéanamh, sult a bhaint as an spórt agus páirt a ghlacadh ann is cuma cén bac atá orthu.

Fág freagra ar 'Gaiscí Gaeilgeoir óg ó Ard Mhacha ina spreagadh do chách'