Gaiscí dochreidte Jimmy Doyle

Bhuaigh Jimmy Doyle gach a raibh le buachaint ach ba é a churiarracht i ngrád na mionúr a chuaigh i bhfeidhim go mór ár gcolúnaí

Cuid d'imreoirí Foireann Iomána na Mílaoise, Brian Whelahan, Eddie Keher, Jimmy Doyle, Ray Cummins, John Doyle agus Tony Reddin. Pictiúr: INPHO/Tom Honan
Cuid d’imreoirí Foireann Iomána na Mílaoise, Brian Whelahan, Eddie Keher, Jimmy Doyle, Ray Cummins, John Doyle agus Tony Reddin. Pictiúr: INPHO/Tom Honan

Is maith is cuimhin liom 1973, bliain m’ardteiste. Saoirse ón scoil, suim agam dul le bunmhúinteoireacht agus an rud is tábhachtaí an dúil a bhí ionam bheith ag imirt leis na mionúir don chontae.

Bhí an t-ádh liom go rabhas san iomaíocht d’áit ar fhoireann peile agus iománaíochta an chontae. Bhí mionúir Chorcaí ar fheabhas sa dá chód na blianta sin. Bhuadar an dá chraobh Uile-Éireann i 1972 agus bhíos ag súil go mbeadh baint agam féin leis an ngaisce céanna a dhéanamh an bhliain dár gcionn.

Ní raibh mórán d’imreoirí ’72 faoi aois arís an bhliain sin. Bhí sin go maith dúinne a bhí ag iarraidh áit a fháil ar na foirne inár mbliain-ne.

Tríd is tríd, ní mórán imreoir a d’imir dhá bhliain mionúir sna blianta sin. Is corrdhuine a d’imir trí bliana ach ba eisceacht ar fad é bheith ag imirt ceithre bliana i ndiaidh a chéile.

Chun bheith fíreannach faoi, níor cheap mé go raibh a leithéid déanta ag éinne go dtí go bhfaca mé cur síos ar laoch Thiobrad Árainn Jimmy Doyle, a chuaigh ar shlí na fírinne ag tosach na seachtaine.

Is cuimhin liom freisin craobh iomána faoi cheathar déag Mhúscraí a bhuachaint agus mé ag ceapadh go mba réalt ar fad mé. Faraor, ní raibh aon smaointe i mo cheann ach áit a fháil ar m’fhoireann baile, Achadh Bolg don ghrád faoi sé déag.

Ach thíos i dTiobrad Árann i 1973, bhí an réalt Jimmy Doyle ag teacht chuig ceann scríbe ina shaol iomána idirchontae ar chuir sé tús leis i 1954 mar ógánach agus geansaí uimhir a haon ar a dhroim ar fhoireann mionúir an chontae. Ní raibh sé ach ceithre bhliain déag d’aois ag an am.

Agus ní hé gur scata tuathalán a bhí ar fhoireann na bliana sin. Ambaist ní hé mar bhuadar craobh na Mumhan ach chailleadar i gcoinne Bhaile Áth Cliath i gCraobhchluiche na hÉireann.

An bhliain dár gcionn, thosnaigh sé ag imirt sna tosaithe. Thógadar leo Craobh na hÉireann ó ’55 go ’57 agus Doyle i gcroílár na dtosaithe. Tá sé sin dochreidte.

Cad é mar churiarracht a bhí aige agus é ag caitheamh geansaí ársa an chontae ó 1954 go dtí 1973. Tá cuid mhaith scríte faoi i rith na seachtaine agus an-ómós tugtha dó ag a lán des na réalta a d’imir leis agus ina choinne. Tá siad go léir ar aon fhocal gur raibh sé i measc na n-imreoirí is fearr a d’imir an cluiche riamh.

Bhuaigh sé gach a raibh le buachaint ach ba é a churiarracht i ngrád na mionúr a chuaigh i bhfeidhim go mór ormsa.

Bhuaileas leis thíos i nDurlas Éile uair amháin agus an chéad smaoineamh a rith liom agus mé ag caint leis ná go raibh sé an-chosúil le Christy Ring. Bhí sé sásta caint go maidin faoi iománaíocht agus bhí ainmneacha imreoiri, láthair cluichí agus fíricí na gcluichí ar a thoil aige. Bhí Ring díreach mar an gcéanna.

Caithfidh go ndeachaigh sé ar shlí na fírinne oíche Dé Domhnaigh agus Bubbles, Bonner agus Séamas Callinan mar chomhluadar aige ina intinn.

B’fhéidir roimh dheireadh Mheán Fhómhair go mbeidh sé fhéin agus John Doyle ag féachaint anuas ar thús ré órga nua dá gcontae dhúchais ar fhód ársa Pháirc an Chrócaigh.

Leaba i measc na Naomh go raibh aige. 

Fág freagra ar 'Gaiscí dochreidte Jimmy Doyle'