Gaillimheach le Gaeilge ag seasamh i dtoghchán Uachtaránachta CLG an bhliain seo chugainn

Má éiríonn le Frank Burke mí Feabhra seo chugainn, is é an chéad duine as Cúige Chonnacht a bheidh ina Uachtarán ar CLG ó d’éirigh Joe McDonagh, nach maireann, as an bpost in 2000 

Gaillimheach le Gaeilge ag seasamh i dtoghchán Uachtaránachta CLG an bhliain seo chugainn

Tá sé deimhnithe ag CLG na Gaillimhe go mbeidh Frank Burke ar dhuine de na hiarrthóirí sa toghchán d’Uachtarán CLG an bhliain seo chugainn.

Is iarmhúinteoir bunscoile é Burke, arb as Ard Raithin i ndeisceart na Gaillimhe ó dhúchas é, agus fearacht Uachtarán reatha CLG, Aogán Ó Fearghail, is cainteoir líofa Gaeilge é.

Beidh an toghchán ar súil ag Comhdháil CLG i bPáirc an Chrócaigh mí Feabhra 2017. Cé go dtoghfar an t-uachtarán nua ansin, fanfaidh Ó Fearghail sa phost go dtí Comhdháil 2018.

Má éiríonn le Burke, is é an chéad duine as Cúige Chonnacht a bheidh ina Uachtarán ar CLG ó d’éirigh Joe McDonagh, nach maireann, as an bpost in 2000.

Tá taithí dhá scór bliain ag Burke ó thaobh riarachán CLG ag leibhéal contae, cúige agus náisiúnta. Tá seal caite aige ina Rúnaí agus ina Chathaoirleach ar Bhord Chontae na Gaillimhe, bhí sé ina Uachtarán ar Chomhairle Chonnacht idir 2012 agus 2015 agus bhí sé ina chathaoirleach ar roinnt coistí náisiúnta, Coiste Náisiúnta Réiteoirí agus Coiste Forbartha na hIománaíochta ina measc.

Tá sé fógartha cheana féin ag beirt eile go bhfuil sé i gceist acu seasamh i dtoghchán an earraigh seo chugainn, sin iad Sean Walsh as Ciarraí agus Martin Skelly as Longfort.

Fág freagra ar 'Gaillimheach le Gaeilge ag seasamh i dtoghchán Uachtaránachta CLG an bhliain seo chugainn'