Gaillimh fós ina rogha na n-údar ach tá curaidh 2016 ar ais sa rás

Agus briseadh á thógáil i gCraobh Iomána na bliana seo, caitheann ár gcolúnaí súil ar na foirne atá fós san iomaíocht do Chorn Mhic Cárthaigh agus muid ag déanamh ar na cluichí ceathrú ceannais

Gaillimh fós ina rogha na n-údar ach tá curaidh 2016 ar ais sa rás

Sean Curran, Lee Chin, Mark Ellis, Aaron Cunningham, Johnny Coen agus Noel Connors. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Agus ansin ní raibh ann ach sé cinn acu.

‘Sea, tá Lá San Suaith linn inniu agus níl ach sé chontae fágtha ina mbeathaigh i gcomórtas Liam Mhic Cárthaigh 2017 agus creid é nó ná creid níl Cill Chainnigh ina measc.

Ach tá curaidh 2016 Tiobraid Árann ar ais sa rás i ndiaidh na stánála a thugadar do Bhleá Cliath seachtain ó shin. Agus tá na Déise ar ais i ndiaidh taispntas thar a bheith dearfach i gcoinne na gCat.

Tá ardmholadh tuillte ag Port Láirge don tslí a d’imríodar in am breise i nDurlas Éile. Caithfidh go raibh amhras ollmhór ar na himreoirí agus iad ag teacht amach chun am breise a imirt.

Ná déan dearmad nár bhuadar ar na Cait sa chraobhchomórtas ón mbliain 1959 agus gur theip orthu arís anuraidh i bPáirc an Chrócaigh nuair a bhíodar go mór in uachtar sa chluiche leathcheannais. Ní rabhadar ábalta an beart a dhéanamh an uair sin agus buadh orthu san athimirt seachtain ina dhiaidh sin.

An rud is annamh is iontach agus mar a tharla in 2013 tá Cill Chainnigh as an rás go luath agus bí cinnte de go bhfuil na contaetha go léir atá fágtha lánsásta leis sin.

Taobh amuigh de TJ Reid ní raibh an chuid is mó de na seanfhondúirí thar mholadh beirte i gcoinne Phort Láirge ach tá craobh faoi bhliain is fiche agus mionúr Chúige Laighean buaite acu cheana féin i mbliana agus glúin imreoirí nua ag teacht chun cinn. Beidh siad ar ais.

Tá a gcomharsain Loch Garman fós san iomaíocht, rud nár tharla le tamall agus éacht déanta acu i mbliana. Tá bród athuair ag an bpobal as a n-iománaithe.

Ach tá gach cuma ar an scéal go bhfuil Baile Átha Cliath tite siar, go háirithe i bhfianaise an léasta a fuaireadar ó Thiobraid Árann. Mar aon leis sin, dar ndóigh, beidh siad ag imirt i Roinn 1b na sraithe don chéad séasúr eile muna ndéantar an córas a athrú agus gach seans go ndéanfar.

Tá an Ghaillimh fós mar rogha na núdar. Tá comhsheasmhacht agus leanúnachas ag baint lena gcuid imeartha ón sárthaispeántas a thugadar i gcluiche ceannais na sraithe.

Bhí an leanúnachas sin in easnamh orthu thar na blianta ach i mbliana tá sé acu agus ón bhfianaise atá feicthe againn go dtí seo, beidh sé deacair iad a bhualadh, cé, dar ndóigh, gur minic a bádh bád taobh le cuan.

Bhí cuid mhaith cainte an Luan seo caite ar an líon buillí ar fóraoil a bhí ag an gClár i gcoinne Chorcaí, agus é mar leithscéal acu. Táim ábhairín claonta, ach bhí an Clár ag sodar i ndiaidh na gCorcaíoch le linn an chluiche ar fad.

Ní rabhadar riamh chun tosaigh ná i gceannas. Chailleadar an cath ar an taobhlíne freisin .

Maidir le Corcaigh, tá an-mholadh tuillte acu. Mar Chorcaíoch bheadh bród ort as an stíl fhearúil imeartha acu agus as a gcur chuige tomhaiste oilte.

Mar sin rachaimid go Páirc Nua Uí Chaoimh i gceann seachtaine agus is ann a chuirfear deireadh le séasúr dhá chontae.

Beidh tuilleadh faoi sin againn an tseachtain seo chugainn ach bunaithe ar chaighdn na gcoimhlintí, na gcluichí agus na hiomána atá feicthe againn go dtí seo táim ag súil le casadh nó dhó eile sa scéal sara mbeidh deireadh déanta. 

Fág freagra ar 'Gaillimh fós ina rogha na n-údar ach tá curaidh 2016 ar ais sa rás'

  • feardorcha

    Briseadh mor on mbreag-phiuratanachas, on leimhe agus on salachar neamhsportuil (breathnaigh colun J.Tyrrell) is ea na Cainnigh a bheith trinsealta. B’fheidir go mbeidh cluichi maithe sportula againn anois againn da n-eagmais siud!