GAILEARAÍ: ‘Smugairle Róin’ i mbun scléipe! Na bannaí agus na buaiteoirí ar fad ó Scléip Ghael Linn 2017…

Ba iad an banna ceoil spleodrach as Ráth Chairn 'Smugairle Róin', agus an t-amhránaí ó Chonamara, Sonny Ní Chathasaigh, a thug na mórghradaim leo ag Scléip 2017 Gael Linn in amharclann an Clasac, Cluain Tarbh, BÁC. Bhí Tuairisc.ie i láthair

Na Torthaí ar fad

Rince Cruthaitheach Aonair ( Sóisear): Chloe Ní Dhonnghaile, Gaelcholáiste Chill Dara, Nás na Ríogh, Co. Chill Dara
Rince Cruthaitheach Aonair ( Sinsear ): Clodagh Ní Shúilleabháin, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Rince Cruthaitheach Grúpaí ( Sóisear ): Grúpa CDH, Coláiste de hÍde, Tamhlacht, Baile Átha Cliath
Rince Cruthaitheach Grúpaí ( Sinsear ): Idirbhliain an Eachréidh, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
Sceitse Nuachumtha ( Sóisear ): ‘Meascán Mearaí’, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
Sceitse Nuachumtha ( Sinsear ): ‘Conraitheoirí Uí Ghallachóir Teo’, Pobalscoil Chloich Cheann Fhaola, An Fálcarrach, Co. Dhún na nGall
Slua-Amhranaíocht ( Sóisear ): ‘Glór na nÓg’, Meánscoil San Nioclás, Rinn ó gCuanach, Co. Phort Láirge
Slua-Amhranaíocht ( Sinsear ): ‘CPO 5 & 6’, Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh
Ceol Aonair Comhaimseartha ( Sóisear ): Ben Mac Eoin, Pobalscoil Chorca Dhuine, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Ceol Aonair Comhaimseartha ( Sinsear ): Ruairí Mac Lochlainn, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall
Amhránaíocht Aonair Chomhaimseartha le féintionlacan ( Sóisear ): An chéad áit – Aoibhinn Ní Dheagha, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall. An dara háit – Caitlín Ní Nualláin, Coláiste de hIde, Tamhlacht, Baile Átha Cliath
Amhránaíocht Aonair Chomhaimseartha le féintionlacan ( Sinsear ) : An chéad áit + GRADAM CHEOIL NÓS 2017 – Sonny Ní Chathasaigh, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe. An dara háit – Affia Ní Fhaoláin, Coláiste Cois Life, Leamhcán, Co. Bhaile Átha Cliath
Grúpa Amhránaíochta Comhaimseartha le féintionlacan ( Sóisear ): An chéad áit:  ‘Cailíní Binne’, Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman. An dara háit: ‘Grád A’, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Grúpa Amhránaíochta Comhaimseartha le féintionlacan ( Sinsear ): An chéad áit + GRADAM SCLÉIP 2017 – ‘Smugairle Róin’, Coláiste Pobail Ráth Chairn, Co. na Mí. An dara háit:  ‘Cinniúint’, Coláiste Oiriall, Muineachán