GAILEARAÍ: Pictiúir an phobail – ‘Anois Teacht an Earraigh’

Gailearaí de na pictiúir is fearr a sheol ár léitheoirí chugainn an tseachtain seo…

Tá áthas ar Tuairisc.ie tús á chur an tseachtain seo le mír nua ar an suíomh — ‘Pictiúir an Phobail’. Iarradh ar léitheoirí Tuairisc.ie ar na meáin shóisialta a gcuid pictiúr féin a sheoladh chugainn ag nuacht@tuairisc.ie faoin téama ‘Anois Teacht an Earraigh’.

Fógrófar téama nua gach seachtain agus foilseofar na pictiúir is fearr ar chuntas Instagram Tuairisc.ie gach lá agus i ngailearaí ar an suíomh ag deireadh na seachtaine.

Déan cinnte d’ainm a lua leis an bpictiúr chomh maith leis an áit ar tógadh é, agus d’ainm úsáideora Instagram má tá ceann agat. Féadfar na pictiúir a aimsiú ar Instagram faoin haischlib #picphobail.

‘Uisce’ téama na seachtaine seo chugainn.

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Pictiúir an phobail – ‘Anois Teacht an Earraigh’'