GAILEARAÍ: Taispeántas Ealaíne na Cásca oscailte ar an mBuailtín

Iarbhainisteoir Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Gearóid Ó Brosnacháin, a d’oscail Féile Ealaíne na Cásca sa Lárionad Gaeilge agus Gaeltachta nua i mBaile an Fheirtéaraigh

Brenda Ní Shúilleabháin; Máire Uí Shíthigh, iarStiúrthóir, Oidhreacht Chorca Dhuibhne, a thug blianta fada i mbun an taispeántais; agus duine de na healaíontóirí, Frances Boland

Is é Iarbhainisteoir Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Gearóid Ó Brosnacháin, a chuir taispeántas bliantúil, Féile Ealaíne na Cásca i láthair slua breá, tráthnóna Dé Domhnaigh seo caite, i halla scóipiúil geal sa Lárionad agus é lán de scoth an tsaothair le healaíontóirí na dúiche.

Mhínigh Gearóid Brosnacháin gur thosnaigh an taispeántas i Scoil Dhún Chaoin i 1973, gur thug sé tamall in dTigh Shiamsa ar an gCarraig agus tamall maith de bhlianta ar an Máimín agus go bhfuil sé ag dul ó neart go neart i gcónaí.

Measadh gur athrú mór chun feabhais ba ea beartas Oidhreacht Chorca Dhuibhne, anuraidh, an taispeántas bliantúil a aistriú ón tseanmhonarcha ar an Máimín, lastuas den mBuailtín go dtí an LarIonad Gaeilge agus Gaeltachta nua, laistiar den mBuailtín.

Meait Mac Cárthaigh; Muireann Nic Cárthaigh agus Nóra Maria Mhic Cárthaigh

Go deimhin, táthar ar tí ainm an lárionaid seo a aistriú go hÁrus Bhréanainn, nó a leithéid, de réir mar atá ráite linn.

Tháinig bús agus borradh ceart leis an taispeántas nuair a thóg Oidhreacht Chorca Dhuibhne ar lámha é agus mhínigh fear a’ tí, Pádraig Firtéar go bhfuil breis is 160 saothar ealaíne, idir phéintéireacht, ghloine agus chriadóireacht, i dtaispeántas na bliana seo agus 90 ealaíontóir rannpháirteach ann – ina measc an t-ealaíontóir iomráiteach, Maria Simonds-Gooding, a bhfuil cónaí uirthi le blianta fada i nDún Chaoin agus atá ina ball den Aosdána.

Pádraig Firtéar agus Breandán Mac Gearailt

Bhí saothair léi siúd i ngach taispeántas ó 1973 i leith. Ar ndóigh, tá saothair leis na healaíontóirí Tomáisín Ó Cíobháin, ón nGráig agus Liam Ó Néill, ó Chathair Scoilbín, i dtaispeántas na bliana seo, mar a bhí le blianta fada.

Beidh an taispeántas taibhseach seo ar bun go dtí am lóin an Aoine seo chugainn.

Portráid an duine de dhá charachtar mhóra de chuid Chorca Dhuibhne, Cáit ‘An Bhab’ Feiritéar agus Maidhc Dainín Ó Sé, trócaire sa chré orthu, a tharraing Elisa Feiritéar na nGort nDubh agus atá mar chuid den Taispeántas
Pádraig Firtéar agus Willie Warren
Sandra Landers, a chuir an taispeántas i dtoll a chéile agus duine de na healaíontóirí, Julie Beckett
Gearóid Ó Brosnacháin

 

Maria Simonds-Gooding