GAILEARAÍ: Scór na cinniúna ag Canning agus an Ghaillimh ag ceiliúradh i bPáirc an Chrócaigh

Thug na Gaillimhigh na cosa leo i gcluiche leathcheannais iománaíochta na hÉireann inniu agus bua aon phointe amháin acu ar Thiobraid Árann, 0-22 in aghaidh 1-18. Joe Canning a fuair scór na cinniúna agus bhí a nia ag ceiliúradh chomh maith inniu. D'aimsigh Jack Canning 1-4 i gcluiche leathcheannais na mionúr i gcoinne Chill Chainnigh, cluiche a bhuaigh an Ghaillimh, 1-12 in aghaidh 1-8. Pictiúir: Seán Ó Mainnín

GAILEARAÍ: Scór na cinniúna ag Canning agus an Ghaillimh ag ceiliúradh i bPáirc an Chrócaigh
Tús an chluiche

 

 

Joseph Cooney ar ruathar

 

Padraic Maher ag éalú ó David Burke agus a chomhghleacaithe

 

 

Sábháil ag cúlbáire Colm Callanan

 

John O’Dwyer ag tabhairt faoi scór agus Adrian Tuohey a bhlocáil

 

Johnney Coen, Gearóíd McInerney agus John Hanbury sa tóir ar John O’Dwyer

 

Joe Canning ag féachaint ar éirigh leis scór a fháil

 

Gearóid McInerney ag déanamh comhbhróin le John McGrath

 

Joe Canning ag ceiliúradh lena athair, Seán

 

Joe Canning ag ceiliúradh lena máthair, Josephine

 

Na Healys réidh!  Muintir Healey ó chathair na Gaillimhe

 

Gaillimh abú!

 

Teachtaireacht ó lucht leanta na Gaillimhe

 

Ronan Glennon, Gaillimh, i gcluiche leathcheannais na mionúr

 

Donal Mannion, Gaillimh, ag tabhairt faoi scór

 

Jordon Molloy, Cill Chainnigh

 

 

Seán Bleahane, Gaillimh

 

Mionúir na Gaillimhe ag ceiliúradh

 

Ríméad ar Conor Walsh

 

Briseadh croí do mhíonúir Chill Chainnigh

 

 

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Scór na cinniúna ag Canning agus an Ghaillimh ag ceiliúradh i bPáirc an Chrócaigh'

  • Pól Réamonn

    A leitheid de cluiche a bhí ann inniu i bPairc an Crocaigh.

    Is chreidiúint don spórt agus don náisiún an dhá fhoireann agus comhghairdeas le Gaillimh.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    A leithéid de choimhlint! Crua, dian ach spóirtiúl. Mar Thiobradach tá díomá orm, ach leis an fhírinne a rá bhí sé tuillte ag Gaillimh ar an lá. Súil agam anois go mbeidh Bonn Uile Éireann ag Joe Canning faoi dheireadh. Ceann de na iománaithe is fearr a bhí riamh ann. Ba éagóir a bheadh ann mura mbeadh Bonn Uile Éireann Sinsir aige, ag deireadh a ré imeartha.

  • traolach

    Bail o Dhia orthu uile, cad e comhrac a bhi eatarthu! Nach alainn an pictiur sin agus tri laimh timpeall air ag a Mham, agus ag a athair. An pointe buacach sin on taobhline uaidh….an bhfacthas poc da iontamhail riamh? Is a ra go raibh fadhbanna slainte sa teaghlach sin Canning anuraidh agus iad go gealghaireach inniu!

  • Aine Ni Fhiannusa

    Cérbh é mar chluiche? Féasta iomána don lucht féachana, agus bhí sé tuillte acu i ndáríre. Bhí Joe maraon le Setanta i measc na Fianna. Maith thú.
    An mbeidh cluiche an Domhnaigh seo mar an gcéanna? Mar Déiseach, súil agam go gcomhlíomfaidh an fhoireann againne an dúthlán trom atá orthu gan Tadhg, ach beidh lá eile ag an bPaorach san agus le cúnamh Dé tiocfaidh ár lá go luath i Mean Fhómhair. Na Déise Abú.