GAILEARAÍ: Scéal Colm Cooper, draoi na Ríochta

Fógraíodh ar maidin go bhfuil laoch Chiarraí Colm 'Gooch' Cooper ag éirí as an imirt i ndiaidh dó seacht mbliana déag a chaitheamh ag imirt d'fhoirne na Ríochta

D’imir Colm Cooper a chéad chluiche craoibhe do Chiarraí in aghaidh Luimnigh in 2002. INPHO/Lorraine O’Sullivan

 

Shroich Ciarraí cluiche ceannais na bliana sin agus thug ‘Gooch’ leis a chéad gradam All-Star. Ocht gcinn de ghradaim All-Star ar fad a bhuaigh sé. INPHO/Morgan Treacy

 

Bhuaigh sé a chéad bhonn uile-Éirinn in 2004 in aghaidh Mhaigh Eo. Bhí sé mar laoch na h-imeartha sa chluiche ceannais.  INPHO/Billy Stickland

 

Bhuaigh Ciarraí agus Cooper Corn Mhic Uidhir arís in 2006 agus 2007. INPHO/Morgan Treacy

 

Fuair siad an ceann is fearr ar Mhaigh Eo  in 2006 agus ar Chorcaigh an bhliain ina dhiaidh sin. INPHO/Morgan Treacy

 

Cooper agus a chomhghleacaithe ag dul chun páirce i gCraobh na Mumhan in 2007. INPHO/Cathal Noonan

 

Cooper ag tabhairt faoi chúl i gcluiche ceannais 2007. INPHO/Cathal Noonan

 

Kevin McGuckin agus Cooper in adharca a chéile. INPHO/Donall Farmer

 

Fear Chill Áirne ag fáil réidh do chluiche ceannais na sraithe in 2009. INPHO/James Crombie

 

Cooper ag tabhairt faoi scór i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann in aghaidh Bhaile Átha Cliath in 2009. INPHO/James Crombie

 

An cic deireanach de chluiche ceannais Chraobh na Mumhan in 2010. D’aimsigh Cooper pointe le go mbeadh comhscór ann. INPHO/Morgan Treacy

 

Cooper ag fáil réidh do chluiche in 2011. INPHO/James Crombie

 

Pointe á scóráil aige in aghaidh na Gaillimhe sa tsraith, d’aimsigh Cooper 35-448 do Chiarraí, rud a fhágann ar bharr ord fiúntais na scórála ina chontae é INPHO/James Crombie

 

Bhí sé ina chaptaen ar Chiarraí nuair a chaill siad cluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Bhaile Átha Cliath in 2011. INPHO/James Crombie

 

Gortaíodh Cooper ag tús 2014 ach bhí sé  mar chuid den scuad a bhuaigh Craobh na hÉireann an bhliain chéanna. INPHO/James Crombie

 

Fuair Baile Átha Cliath an ceann is fearr ar Chiarraí in 2015, an naoú cluiche ceannais inar imir Cooper ann. D’imir sé 85 cluiche craoibhe ar fad. INPHO/Cathal Noonan