GAILEARAÍ: Pat Lam is na Fórsaí Cosanta i láthair ag an rás ‘Inis ‘Iron’ Meáin’

Bhí cóitseálaí Chúige Chonnacht Pat Lam agus curadh rámhaíochta an domhain Gavan Hennigan mar aíonna speisialta ag rás Inis 'Iron' Meáin ar son Choláiste Cónaithe Naomh Eoin a thugann deis oideachais trí Ghaeilge do scoláirí ón taobh amuigh. Ba é an chéad uair don fhear de bhunadh Oileán Samó Thiar a bheith ar Inis Meáin agus é an-sásta i measc na n-oileánach. Seo blaiseadh den lá ag Tuairisc.ie

‘An tÁrannach’ Pat Lam. Bhain cóitseálaí rugbaí Chonnacht taiteamh as a chéad cuairt ar Inis Meáin

 

Rámhaí agus aoi speisialta an rása Gavan Hennigan

 

Ó na ceithre hairde: Irene McCarthy, Ciarraí; Kara agus Cathy Conneely, Inis Meáin, Aisling Faherty, Baile Átha Cliath; Eva Giblin, Ros Comáin agus Aislinn Cullen, Cill Mhantáin

 

Vee Tobin-Schnittger lena mhuintir. Tá Vee ar dhuine de na scolaírí ón taobh amuigh atá ag freastal ar Choláiste Naomh Eoin

 

Pat Lam leis na saighdiúirí Buíon Earcaigh 143, Complacht A, An Chéad Chathalán Coisithe, atá ag traenáil i nDún Uí Mhaeilíosa, An Rinn Mór

 

Claire Byrne, An Fhairche; Siobhán Gregg, An Leacain agus Brian Reid, Briotas

 

‘Treise leat, a chailín’. Tá Pádraig Ó Congaile bródúil as a gharneacht Saileog de Blácam

 

‘Ar aghaidh libh’. Níl  ‘Bear’, madra Thalamh an Éisc, sásta mórán  stró a chur air féin

 

Pat Lam agus Ruairí Concannon (82), an fear is sine ar an oileán

 

‘Buailigí bóthar’. Cuireann Pat Lam tús leis an rás

 

‘Giorraíonn beirt bóthar’. Beirt saighdiúrí go luath sa rás

 

‘Nílimid ag fulaingt go fóill!’

 

Tá buntáiste mór ag Lara Hussey

 

‘Slán go fóíll!’

 

Idir dhá chlaí

 

‘Go n-éirí an bóthar leat!

 

‘Tóg mo mhaide: uaitse is géire atá sé ag teastáil!’

 

Francis Kelly ar nós cuma liom agus  8 gciliméadar curtha de aige

 

Dave Leahy agus Cinn a’ Bhaile bainte amach aige

 

Reathaí ar thrá álainn Ceann Gainimh

 

Glór na dtonn i gcluasa Margaret Brett

 

Claire Byrne agus Rec O’Donavan ag coinneáil leo timpeall ciliméadar ón deireadh

 

Stuart Fynes ag tabhairt faoi Chinn a’ Bhaile

 

Dún Chonchúir

 

Rosaleen Williams ag críochnú san 83ú háit sa rás 10k

 

Buaiteoir an rása 12k Ewan Cameron le Pat Lam, Mairéad Ní Fhátharta, príomhoide Choláiste Naomh Eoin;, Gavan Hennigan agus an Leifteanant Catherine Smyth

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Pat Lam is na Fórsaí Cosanta i láthair ag an rás ‘Inis ‘Iron’ Meáin’'