GAILEARAÍ: Teastais bronnta ag ócáid cheiliúrtha ag Ionad Breisoideachais Ros Muc

Bronnadh teastais de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB) ar na mic léinn in Ionad Breisoideachais Ros Muc. Bhí go leor páistí i láthair leis an lá a cheiliúradh lena dtuismitheoirí. Bhí Tuairisc.ie i láthair

 

Tá codladh ar James Conroy (mí d’aois) fiú má bronnadh teastas ar a mháthair, Charlotte Cusdin, An Cheathrú Rua

 

Tá Éabha (1), sásta le gaisce a máthar, Orla Ní Chonaire, ar bronnadh teastas uirthi

 

David Leahy, Príomhfheidhmeannach GRETB

 

Ar chúl: an grúpa Tacaíochta Cúram Sláinte QQI Leibhéal 5 ar bronnadh teastais orthu. Chun tosaigh, ó chlé: David Leahy, Príomhfheidhmeannach GRETB; Maighréad Breathnach, teagascóir, Mairéad Seóige, Comhordaitheoir Ionad Breisoideachais Ros Muc agus Fiona O’Loughlin, Oifigeach Oideachais Aosaigh GRETB

 

Ar chúl: Orla Ní Chonaire agus Delia Ní Ghríofa ar bronnadh teastais Cúram agus Oideachas na Luathóige QQI Leibhéal 5 orthu. Chun tosaigh tá ó chlé: David Leahy, Maighréad Breathnach, Mairéad Seóige agus Fiona O’Loughlin

 

An grúpa Riarachán Gnó agus ECDL (VTOS) QQI Leibhéal 5. Chun tosaigh tá ó chlé: Seán Ó Guairim, Teagascóir; David Leahy, Maryann Uí Ghriallais agus Maighréad Breathnach, teagascóirí; Mairéad Seóige agus Fiona O’Loughlin

 

Ar chúl: an grúpa Teicneolaíocht an Eolais (Na Meáin Dhigiteacha) QQI Leibhéal 3. Chun tosaigh tá, ó chlé: Mairéad Seóige,  David Leahy agus Fiona O’Loughlin

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Teastais bronnta ag ócáid cheiliúrtha ag Ionad Breisoideachais Ros Muc'