Bhásaigh príomhchóitseálaí na Mumhan, Anthony Foley, 42 bliain, go tobann i bPáras inné mar a raibh an fhoireann ag fáil réidh do chluiche in aghaidh Racing 92. Agus breis agus 250 cluiche imeartha aige d'fhoirne na Mumhan agus na hÉireann, ba dhuine de mhórlaochra rugbaí na hÉireann fear Chill Dalua. Pictiúir le INPHO
Dé Luain, Deireadh Fómhair 17 2016 ag 3:18 pm
Ba le cumann rugbaí na Sionainne a thosaigh Anthony Foley ag imirt i ndiaidh dó Coláiste Naomh Mainichín a fhágáil. Tá sé le feiceáil anseo le Alan Quinlan, fear a d’imir leis don chumann, don chúige agus d’Éirinn
D’imir sé a chéad chluiche d’fhoireann na hÉireann i 1995 in aghaidh Shasana, cluiche inar scóráil sé úd.
Foley, Quinlan agus David Wallace ag ceiliúradh bua Chúige Mumhan i gCorn Heineken i 1999.
Axel, mar a tugadh air, i ngeansaí na hÉireann taobh le beirt chomhghleacaithe ó Chúige Mumhan, Peter Stringer agus Mick Galwey.
Foley ag ceiliúradh tar éis dó úd a scóráil i gcluiche ceathrú ceannais Chorn Heineken in 2001
D’imir Foley 188 uair do Chúige Mumhan san iomlán idir 1995 agus 2008.
Foley in 2005 ag spraoi le Nellie, madra fhisiteiripeora na Mumhan
D’imir Foley i gcluiche ceannais Chorn Heineken trí huaire le Cúige Mumhan. Chaill siad in 2000 in aghaidh Northampton agus in 2002 i gcoinne Leicester ach d’éirigh an ‘Sotheach Naofa’ leis na Muimhnigh ar deireadh in 2006 nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Biarritz.
Foley ag spochadh as John Hayes agus an bheirt ag traenáil le Cúige Mumhan.
Is maol gualainn gan bráthair. Foley, a bhí ina chaptaen ar Chúige Mumhan in 2006, le Paul O’Connell le linn a bhfeachtas stairiúil san Eoraip an bhliain sin
Bhuaigh siad cluiche ceannais Chorn Heineken 23-19 in aghaidh Biarritz i gCardiff, an chéad uair ag Cúige Mumhan an comórtas a bhuachan
Stop sé ag imirt in 2008 ach níor fhág sé Cúige Mumhan agus post aige mar chóitsealaí. Ceapadh é ina phríomhchóitsealaí ag tús shéasúr 2014
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Laoch na Mumhan, Anthony Foley, imithe ar shlí na fírinne'