GAILEARAÍ: Lá speisialta ag seisear gasúr as Conamara a bhuail le húdar ‘Diary of a Wimpy Kid’

Bhí seisear as Conamara ar bís an deis a fháil an tseachtain seo caite bualadh le húdar 'Diary of a Wimpy Kid' Jeff Kinney, ag ócáid speisialta i Siopa Easons Dé Sathairn seo caite. Bhí na céadta i láthair ag an ócáid ach bhí coinne speisialta ag seisear Chonamara leis an údar a d'éist leo ag léamh sleachta as an leagan Gaeilge dá shaothar 'Dialann Dúradáin'. Pictiúir: Seán Ó Mainnín

GAILEARAÍ: Lá speisialta ag seisear gasúr as Conamara a bhuail le húdar ‘Diary of a Wimpy Kid’

'An Seisear Sásta'. Daoine óga as Conamara le Jeff Kinney, údar an leabhair "Diary of a Wimpy Kid" a bhfuil cáil dhomhanda air

Beirt ghasúr, le cóipeanna Gaeilge agus Béarla den leabhar iomráiteach, ag fanacht sa scuaine chun bualadh le Jeff Kinney

 

Daltaí as  Gaelscoil Bhaile Brigín, Baile Átha Cliath

 

Daltaí scoile faoi agallamh ag TG4

 

 Jeff Kinney ag bualadh le Máirín Ní Mhárta, aistritheoir an leagain Ghaeilge dá leabhar ‘Dialann Dúradáin’ 

 

Tadhg Mac Donnagáin ó na foilsitheoirí  Futa Fata le Jeff Kinney, Máírín Ní Mharta agus Aisling Ní Fhátharta

 

 Jeff Kinney ag éisteacht  le Cóil Mac Con Iomaire as Bóthar Buí, An Cheathrú Rua, ag léamh sliocht as an leabhar ‘Dialann Dúradáin’ 

 

An t-údar ag foghlaim na Gaeilge  le cabhair ó Chóil Mac Con Iomaire

 

Jeff Kinney agus Aisling Ní Fhátharta, An Máimín, Co na Gaillimhe. Ba í Aisling a bhuaigh an comórtas chun teideal Gaeilge a chur ar ‘Diary of a Wimpy Kid’

 

‘Taitníonn an teideal ‘Dialann Dúradáin’ liom,’ arsa Jeff Kinney, ‘tá ceol ann’.

 

Jeff Kinney i mbun cartún speisialta a dhéanamh d’Aisling Ní Fhátharta

 

Agus cartún do Chóil Mac Con Iomaire

 

‘Coinneoidh mé seo!’

 

An seisear as Conamara a fuair saothar ealaíne an duine ó Jeff. Ó chlé: Michael Coleman Ó Cadhain, Leitir Móir; Aisling Ní Fhátharta, An Máimín; Béibhinn Breathnach de Faoite, Indreabhán; Colm Ó Loideáin agus Marcas agus Cóil Mac Con Iomaire, An Cheathrú Rua