GAILEARAÍ: Is aoibhinn beatha na scoláirí óga ar a gcéad lá ar scoil i nGaeltacht Thír Chonaill

A gcéad lá ar scoil - aa naíonáin a thosaigh ar cheithre scoil i dTír Chonaill an tseachtain seo agus iad breá sásta leo féin. Pictiúir: Mairéad Harkin

Páistí ó Scoil Oilibhéar Pluincéid i Rann na Feirste

 

Ag déanamh cairdis ar a gcéad lá i Scoil Oilibhéar Pluincéid i Rann na Feirste

 

An Mháistreás Caitlín leis na Naíonáin Bheaga i Scoil Náisiúnta Chonaill, An Bun Beag. Sa phictiúr le Caitlín tá Dónal, Caoimhe, Gaja agus Conor

 

Sharon Ní Ghallachóir agus a hiníon Caoimhe a thosaigh sna Naíonáin Bheaga ar an Bhun Beag

 

Bhain Sabastian agus Seosamh sult as a gcéad lá i rang ‘an Cuan’ ar an Bhun Beag i nGaoth Dobhair

 

A gcéad lá i Scoil Oilibhéar Pluincéid i Rann na Feirste

 

Páistí Scoil Oilibhéar Pluincéid i Rann na Feirste

 

Cairde móra ar a gcéad lá i Scoil Oilibhéar Pluincéid i Rann na Feirste

 

Girseacha ó Scoil Oilibhéar Pluincéid i Rann na Feirste

 

Garsúin i Scoil Oilibhéar Pluincéid i Rann na Feirste

 

Páistí ó rang ‘An Cuan’ ag baint sult as scéal atá ag an Múinteoir Frances dóibh ar a gcéad lá i Scoil an Bhuna Bhig i nGaoth Dobhair. Sa phictiúr tá Seosamh, Jessica, Danny, Sabastian agus Cainan

 

Bhí lúcháir ar Niamh Nic Fhionnghaile agus í ag tosú ar Scoil Adhamhnáin ar an Luinnigh, Doirí Beaga, Gaoth Dobhair

 

An Mháistreás Póilín Mhic Giolla Easbuic ag cur fáilte roimh a hiníon Rosie go dtí go Scoil Adhamhnáin ar an Luinnigh, Gaoth Dobhair

 

Dónal Ó Cháilín agus é breá sásta lena chéad lá ar Scoil Náisiúnta An Bhuna Bhig

 

Rosie Nic Giolla Easbuic ag freastal ar Scoil Adhamhnáin den chéad uair

 

Edward Ó hEarcáin lena iníon Rose agus í ag tosú ar Scoil Adhamhnáin

 

Cara Ni Dhomhnaill ag dul isteach chun na scoiIe sna Doirí Beaga den chéad uair

 

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Is aoibhinn beatha na scoláirí óga ar a gcéad lá ar scoil i nGaeltacht Thír Chonaill'