GAILEARAÍ: Hector ag filleadh ar TG4 agus na ‘Fir Bolg’ ina theannta

In Amharclann Smock Alley i mBaile Átha Cliath inniu, seoladh sceideal TG4 don fhómhar seo

GAILEARAÍ: Hector ag filleadh ar TG4 agus na ‘Fir Bolg’ ina theannta

Fir Bolg, sraithdhráma nua grinn faoi bhanna ceoil traidisiúnta agus An Ríl Deal, sraith réaltachta ina mbeidh pearsana aitheanta ag gabháil don rince, i measc na gclár nua i sceideal an fhómhair TG4 a seoladh i mBaile Átha Cliath inniu.

Mar chuid den sceideal céanna, beidh an craoltóir Hector Ó hEochagáin ag filleadh ar an stáisiún nua ar ar bhain sé cáil amach an chéad lá. Beidh Ó hEochagáin ag taisteal ó Phanama go Belize ar Hector Central.

Beidh TG4 ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód oíche Shamhna agus dúirt leascheannasaí an stáisiún ag seoladh an lae inniu go raibh ag éirí leis an stáisiún a chruthú “gur tábhachtaí uaireanta i saol na craoltóireachta fairsinge d’fhíse ná líon na bpinginí i do phóca”.

Beidh cuid mhaith clár faisnéise le feiceáil ar an stáisiún chomh maith, ina measc clár faoin gcomaoin a chuir an scríbhneoir Frank O’Connor ar fhilíocht na Gaeilge agus clár a inseoidh scéal na bhfear dóiteáin nua-oilte ar an gCeathrú Rua.

Díreoidh Tithe Cois Fharraige ar thithe ‘álainn’ in Éirinn, idir shean agus nua, a bhfuil radharc na mara acu, agus is é an t-amhránaí John Spillane a chuirfidh i láthair Na Bailéid, sraith nua a phléifidh scéal chuid de mhórbhailéid na hÉireann.

Gealltar go léireofar sa tsraith Crá sa Chré cásanna cúirte a chruthaigh go mbíonn “dúil fhuilteach” uaireanta ag muintir na hÉireann sa talamh.

I ráiteas a d’eisigh an stáisiún inniu, leagadh béim ar éagsúlacht an sceidil nua.

“Ar na nithe is tarraingtí den sceideal, tá

sraitheanna faisnéise a thugann léargas nuálach ar ghnéithe rúnda agus folaithe de shaol na hÉireann, scannán seanchais as Árainn i 1935 ina measc, drámaíocht nua-léirithe a leagann méar ar chuisle an phobail, rogha iontach ábhair do dhaoine óga, spórt nach bhfaightear ar aon chainéal eile agus seirbhís nuachta agus cúrsaí reatha atá éagsúil, géarchúiseach,” a dúradh.

 

screen-shot-2016-08-30-at-16-10-26-770x513
Jedward le Hector. Pictiúr: Twitter

 

Patrick Bergin, Fir Bolg. Pictiúr: 1IMAGE/Bryan Brophy 1IMAGE PHOTOGRAPHY Studio: +353 1 493 9947 / Mob: +353 87 246 9221
Patrick Bergin, Fir Bolg. Pictiúr: 1IMAGE/Bryan Brophy

 

Screen Shot 2016-08-30 at 16.11.37
John Spillane. Pictiúr: Twitter

 

Maire Treasa Ni Dhubhghaill Pictiúr: 1IMAGE/Bryan
Máire Treasa Ní Dhubhghaill. Pictiúr: 1IMAGE/Bryan Brophy

 

Screen Shot 2016-08-30 at 16.11.09
Mairéad Ní Chuaig le Seán T. Ó Meallaigh agus Mícheál Ó Ciaraidh. Pictiúr: Twitter

 

Caitlin Nic Aoidh agus Mairead Ni Chuaig. Pictiúr: 1IMAGE/Bryan Brophy
Caitlín Nic Aoidh agus Mairéad Ní Chuaig. Pictiúr: 1IMAGE/Bryan Brophy

 

Screen Shot 2016-08-30 at 16.11.20
Páidí Ó Lionáird le Mairéad Ní Chuaig. Pictiúr: Twitter

 

Hector. Pictiúr: 1IMAGE/Bryan Brophy
Hector. Pictiúr: 1IMAGE/Bryan Brophy

 

Twitter
Pictiúr: Twitter

 

Eoghan McDermott agus Sandie Jones. Pictiúr: 1IMAGE/Bryan Brophy
Eoghan McDermott agus Sandie Jones i gcomhluadar Jedward. Pictiúr: 1IMAGE/Bryan Brophy

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Hector ag filleadh ar TG4 agus na ‘Fir Bolg’ ina theannta'