GAILEARAÍ: Gradaim na Féile Náisiúnta Scoildrámaíochta 2016 bronnta

Bhí suas le 1,500 aisteoir óg, chomh maith le múinteoirí agus tuismitheoirí i bPáirc an Chrócaigh le déanaí do bhronnadh Ghradaim na Féile Náisiúnta Scoildrámaíochta a bhí ar siúl sa Mhuileann gCearr i mbliana

1 DSC_0366
Seán Mac Aodha, Uachtarán Chumann na Scoildrámaíochta, Carmel Uí Bholguidhir, Leas-Stiúrthóir, Colm Ó Domhnall, ball den choiste, agus Niamh Ní Riain, múinteoir I nGaelscoil an Bhradáin Feasa, Droichead Átha. B’ise a léirigh an dráma ‘Grace agus Seosamh’ a bhain an duais don Léiriú is Fearr ar Nuadhráma agus Comórtas Cuimhneacháin 1916

 

2 DSC_0373 (2)
Radharc ar an saothar a rinne na daltaí ó scoileanna éagsúla

 

3 DSC_0424 (2)
Bhain aisteoirí Ghaelscoil Uí Dhrisceoil, Gleann Maghair, Contae Chorcaí, Comórtas 8 lena léiriú, ‘Is Liomsa na Camáin’. Ina dteannta tá a múinteoir, Malachaí Mac Amhlaoibh. Ó chlé: Aaron Ó Súilleabháin, Eoin Ó Súilleabháin, Cathal Ó Donnabháin, Ceolí Ní Longáin, Mae Ní Éireamháin agus Calvin Ó Donnabháin

 

4. DSC_0459 (4)
Chroch aisteoirí Ghaelcholáiste Reachrainn, Domhnach Míde na hardchathrach leo Comórtas 16 le ’Pristina Sevanoz’ lena múinteoir, Niall Ó Máirtín. Bhain an léiriú Gradam Bhord Gáis don fheisteas stáitse. Ina dteannta an Leas-Ardmhéara, Mícheál Mac Donncha agus an tAire Stáit Gaeltachta, Joe Mc Hugh, tá Joshua Ó Corra, Bríd Ní Fhearaíl, Ríona Ní Fhaoláin agus Aoife Ní Mhuimhne

 

5 DSC_0498 (4)
Scoláirí Rang a Dó ó Ghaelscoil Riabhach, Baile Locha Riach Co. na Gaillimhe a chroch leo comórtas 4 lena léiriú de ‘Greamaithe’. Ina dteannta tá a múinteoir Marcus Ó Gaoithín agus an tAire Stáit Joe McHugh. Ó chlé: Luka Ó hEaghra, Lotty Ní Bhreathnach, Ethan ó Maoldomhnaigh-Illien agus Olivia Sellars

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Gradaim na Féile Náisiúnta Scoildrámaíochta 2016 bronnta'