GAILEARAÍ: ‘De Chion Focal’ le Pádraig Ó Cíobháin seolta ar a fhód dúchais ar an nGráig

Seoladh an leabhar is déanaí ó pheann Phádraig Uí Chíobháin ar a fhód dúchais ar an nGráig an tseachtain seo agus a chairde, a mhuintir agus a chuid carachtar i láthair!

GAILEARAÍ: ‘De Chion Focal’ le Pádraig Ó Cíobháin seolta ar a fhód dúchais ar an nGráig

Is é an Dr. Tomás Liam Ó Murchú a rinne seoladh spleodrach ar leabhar a uncail, Pádraig Ó Cíobháin, i dTigh Áine ar an nGráig, Baile An Fheirtéaraigh an tseachtain seo.

De Chion Focal an teideal atá ar an deichiú leabhar ón scríbhneoir bisiúil seo agus is iad Coiscéim na foilsitheoirí.

TomásLiam1e
Léan Ní Chíobháin, an Dr. Tomás Liam Ó Murchú agus Jacinta Ní Shúilleabháin ag an seoladh

Dúirt Ó Murchú gurb é an “tabhairt faoi ndeara” an bua is treise atá ag Pádraig Ó Cíobháin mar scríbhneoir.

“Is geall le sceits bheag na haon chor a chuireann sé do ar an leathanach. An teanga agus na focail mar ghléas tarraiceoireachta aige. Más ea, ní hiad na tréithe fisiceacha amháin a bhreithníonn sé, meánn sé meon, machnamh agus síce an duine agus an phobail. Uaireanta neosann an líne is neafaisí scata dúinn mar gheall ar ár gcarachtar…,” a dúirt Ó Murchú.

Tuaíos3e
Pádraig Ó Cíobháin agus Cíobhánaigh na Gráige, a bheirt deirféar Marion agus Joan agus a bheirt dearthár Tomáisín agus Séamuisín ina measc

Dúirt an Cíobhánach féin gur “buanpháirtithe” iad na carachtair aige.

“Níl dabht orm ná gur bhoichte an duine mise in éagmais a gcomhluadar. Pé ionramháil a dheineas orthu, pé athrach cló a chuireas i gcionn ar a bpearsantachtaí pé athrach treo a chuireas i gcionn ar a saol, alt ar alt, leathanach ar leathanach, saothar ar saothar, creidim, gan iad, gur bhoichte de dhuine mise dá n-éagmais san, agus iadsan im éagmais-se,” a dúirt an Cíobhánach.

Go deimhin, is i gCorca Dhuibhne atá formhór na scéalta sa leabhar seo suite, mar is dual don gCíobhánach, agus í scríte i stíl shaibhir shamhlaíoch atá lán de ghéarchúis agus de ghreann, ar uairibh.

“Ba léir ón gcéad lá…gur don nGaelainn amháin a ceapadh guth an Chíobhánaigh agus gurb í an teanga chéanna a laoch fé mar gurb í an teanga an laoch i litríocht na mionteangan i gcónaí,” dar leis an scoláire Breandán Ó Cróinín, a bhfuil nóta leis ar leathanach cúil an leabhair nua, De Chion Focal.

DSC_2662

 

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: ‘De Chion Focal’ le Pádraig Ó Cíobháin seolta ar a fhód dúchais ar an nGráig'

  • bhur gcáilín

    Go hálainn!