GAILEARAÍ: Comórtas Chorn Uí Chon Cheanainn buaite ag amhránaí na Cloiche Móire

Reáchtáladh Comórtas Uí Chon Cheanainn den tríú bliain as a chéile i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath Dé Sathairn. Is comórtas amhránaíochta ar an sean-nós do mhic léinn tríú leibhéal é Comórtas Uí Chon Ceanainn atá ainmnithe as an amhránaí agus scoláire iomráiteach Ciarán Ó Con Cheanainn

GAILEARAÍ: Comórtas Chorn Uí Chon Cheanainn buaite ag amhránaí na Cloiche Móire
Ann-Marie Ní Fhátharta, Coláiste Hibernia, a thug léi Corn Uí Chon Cheanainn, an corn a bhronntar gach bliain i gcuimhne ar an amhránaí agus scoláire Ciarán Ó Con Cheanainn

 

Áine Ní Bhreisleáin, RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhí ina Bean an Tí ag an gcomórtas i gcuimhne a cara, Ciarán Ó Con Cheanainn

 

An t-amhránaí sean-nóis iomráiteach agus amhránaí cónaitheach OÉG, Sarah Ghriallais, a bhí ar dhuine de mholtóirí an chomórtais

 

Sarah Ghriallais (moltóir), Irial Ó Ceallaigh  (moltóir), Ann-Marie Ní Fhátharta (buaiteoir), Máire Ní Choilm (moltóir) agus Áine Ní Bhreisleáin (Bean an Tí)

 

Foréis Mac Giolla Gheimhridh, Coláiste na Tríonóide, a bhí ar dhuine d’iomaitheoirí an chomórtais

 

Cárthach Ó Faoláin, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

 

Corn Uí Chon Cheanainn 2017

 

Caitlín Ní Mhéalóid, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

 

Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn agus an dara duais á bronnadh aige ar Chaitlín Ní Mhéalóid, OÉ Gaillimh

 

Bláthnaid Nic Cába, An Coláiste Ollscoile BÁC

 

Antoine Ó Coileáin, príomhfheidhmeannach Gael Linn, agus an tríú duais á bronnadh aige ar Chaoimhe Blennerhassett

 

Anna Davitt, Foras na Gaeilge, agus Brídín Uí Chon Cheanainn, máthair Chiaráin, ag bronnadh an choirn ar bhuaiteoir an chomórtais, Ann-Marie Ní Fhátharta, An Chloich Mhóir, Conamara, atá ag freastal ar Choláiste Hibernia

 

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Comórtas Chorn Uí Chon Cheanainn buaite ag amhránaí na Cloiche Móire'