GAILEARAÍ: Coirn Díospóireachta Gael Linn buaite ag Coláiste De La Salle, Dún Dealgan agus Scoil Pháirc Sandford, BÁC

Bhronn Príomhfheidhmeannach Gael Linn buanchorn agus duais €1,000 ar na foirne buacacha i Roinn na Sóisear agus i Roinn na Sinsear, agus duaiseanna de luach €250 ar na foirne eile ar fad a bhí rannpháirteach sa chraobh den chomórtas a reáchtálann Gael Linn do scoileanna dara leibhéil ar fud na tíre, agus atá ainmnithe in ómos do Phádraig Mac Piarais

unnamed

Curaidh Chomórtas Díospóireachta an Phiarsaigh Gael Linn 2016, foireann shóisearach Choláiste De La Salle, Dún Dealgan (ó chlé- John Marley ( captaen na foirne ), Emmet Byrne agus Emanuel Ntemuse ) ag ceiliúradh a mbua lena múinteoir bródúil, Cian Ó Náraigh ( ar dheis). Sa phictiúr chomh maith, tá Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin ( ar chlé ) agus an scríbhneoir Áine Ní Ghlinn, a bhí mar aoichathaoirleach ar an ócáid. ‘Is fearr a bheith i do fhear!’ an rún a pléadh.

unnamed-1

Foireann shinsearach Scoil Páirc Sandford, ag ceiliúradh a mbua ag Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta an Phiarsaigh Gael Linn 2016 lena múinteoirí, Diarmuid Ó Curraoin agus Danielle Fox, agus a lucht tacaíochta. ‘Bheadh an Piarsach sásta leis an dul chun cinn in Éirinn ó 1916 i leith!’ an t-ábhar tráthúil a pléadh sa chraobh shinsearach.

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Coirn Díospóireachta Gael Linn buaite ag Coláiste De La Salle, Dún Dealgan agus Scoil Pháirc Sandford, BÁC'