Bhí páistí faoi dhraíocht ag Caitlín Nic Aoidh, láithreoir TG4 nuair a léigh sí leabhair dóibh Dé Sathairn seo caite. Bhí Caitlín ag seoladh rannóg nua Gaeilge i Siopa Easons na Gaillimhe, i gcomhar leis an bhfeachtas Love Leabhar Gaeilge. Pictiúir do Tuairisc.ie ag Seán Ó Mainnín
Bhí leabhair Ghaeilge do pháistí á gcur chun cinn i gcathracha na Gaillimhe agus Chorcaí le déanaí, nuair a chuir siopaí Easons agus Waterstones fáilte roimh pháistí agus tuismitheoirí chuig ócáidí scéalaíochta saor in aisce.
Ba í Caitlín Nic Aoidh, láithreoir le TG4, a bhí i mbun scéalaíochta i nGaillimh, nuair a sheol Siopa Easons ar Shráid na Siopaí rannóg nua Gaeilge, i gcomhar leis an bhfeachtas Love Leabhar Gaeilge.
Seo an dara huair ar eagraigh Waterstones i gCorcaigh imeacht dá leithéid mar chuid den fheachtas Love Leabhar Gaeilge. Ba í Emma Ní Chonaill a bhí i mbun scéalaíochta.
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:Ok