GAILEARAÍ: An 50 íomhá is fearr ó Oireachtas na Samhna 2017!

Is beag a scaoil grianghrafadóir Tuairisc.ie, Seán Ó Mainnín thairis ag Oireachtas na Samhna 2017 i gCill Airne. Seo rogha de na híomhánna is fearr aige a léiríonn sainspiorad mhórfhéíle na nGael...

Ag fanacht ar an nglaoch…

 

Péinteáil aghaidhe ag ócáid Cúla 4

 

Ceachtanna rince ag ócáid Cúla 4

 

Tom Cullen, Co Liatroma, an duine is óige a ghlac páirt sa chomórtas rince ar an sean-nós faoi 9

 

Páidí Mhárthain Mac Gearailt san iomaíocht do Chorn Uí Riada

 

Síle Uí Chróinín, ar bhuaigh a hiníon féin, Neil,  Corn Uí Riada in 2014, ag ceiliúradh le Conchubhar Ó Luasa, buaiteoir 2017

 

Pól Ó Ceannabháin ag canadh ag an gcomóradh ar Josie Sheáin Jeaic

 

Pádraig Ó Sé agus Gary O’Brien ó Phólca 4 ag Club na Féile

 

Club na Féile faoi lán seoil

 

Edel Lovett, Máiréad Ní Fhlatharta agus Sinéad Ní hUallacháin ar an gcairpéad dearg roimh Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2017

 

Darach Ó Scolaí agus trí údar mórtais aige ag na Gradaim Liteartha!

 

Ise an bas!

 

Tomás Ó Sé, rinceoir agus peileadóir, ar stáitse ag Ceolchoirm Cheiliúrtha Oireachtas an Daingin i 1987

 

Gormfhaith Ní Thuairisg, Máirín Ní Ghadhra, Marion Ní Shúilleabháin agus Caitlín Ní Chualáin, aistritheoirí na sraithe ‘Dónall Dána’ lena léitheoirí óga

 

Ábhar machnaimh do shean agus óg!

 

Allagar an Oireachtais!

 

Céard atá ar siúl anseo istigh?

 

An seomra teaghlaigh

 

Conor Ó Gallchóir

 

Muintir Mhúscraí ag ceiliúradh bua Chorn Uí Riada!

 

Buaiteoirí Dhíospóireacht Gael Linn James Kirwan agus Colm Ó Néill, Coláiste na Tríonóide, BÁC, le Deaglán Cuill, iarpheileadóir le Ciarraí agus Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn

 

Uachtarán an Oireachtais Seán Ó Muimhneacháin ag baint súp as a chuairt ar sheastán an Gharda Síochána ag Aonach an Oireachtais

 

Steip!

 

 

Cosa anairde!

 

 

Is mór an spórt na balúin!

 

Bláithín Ní Ghairbhí, Sadhbh Ní Laoi agus Máire Ní Ghairbhí ag seoladh ‘Súil Eile’ le Seán Tadhg Ó Gairbhí, Eagarthóir Tuairisc.ie

 

Rónán Beo@3 beo ón bhfáiltiú. Rónán Mac Aodha Bhuí agus an t-iriseoir Michael McCaughan faoi agallamh aige

 

Tá criú eile tagtha!

 

Dolores Mhic Géidigh agus ómós á léiriú ag na Gradaim Chumarsáide dá fear Séamus Mac Céidigh, an sárchraoltóir de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta a cailleadh go tobann anuraidh

 

A teanga ina leathphluc aici! Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh i mbun agallamh beirte

 

Seán Mac an tSíthigh agus Nuacht TG4 ar thóir na scéalta

 

Deirdre Ní Choistín agus Michéal Ó Ciaraidh, TG4, ag cuimhneamh ar a gcéad agallamh eile do na meáin shóisialta

 

An tOireachtasóir is óige? Neil Nic Gearailt lena tuismitheoirí Daríne agus Conall Mac Gearailt

 

Réidh chun aghaidh a thabhairt ar an bhféile!

 

Ceann arbh fhiú fráma a chur air!

 

Anonn ‘s anall!

 

Na Conallaigh ag ceiliúradh arís! Máire Mac Niallais agus Máire Nic Niallais ag déanamh comhghairdeachais le Conor Ó Gallchóir

 

Hup! Helen Ní Shé, An Saol Ó Dheas, agus Seán Ó Liatháin

 

Stiúrthóir an Oireachtais Liam Ó Maolaodha ag fáil faoi réir don chéad ghig eile…

 

,,,scaoil amach mé!

 

 

Dorn san aer don Dream Dearg ar Rónán Beo@3

 

Seanfhondúirí an fhorhalla!

 

Mo mhallacht ar an bpaparazzi!

 

Pólca 4 réidh le tosú

 

An cúram déanta go paiteanta!

 

Maitiú Ó Coimín agus ardán á thabhairt arís aige do leagan an Duinnínigh de ‘A Christmas Carol’ le Charles Dickens. Fear Tuairisc.ie a chuir ‘Duan na Nollag’ in eagar agus in oiriúint do léitheoirí an lae inniu

 

Niamh Ní Argáin ag léamh ó ‘Na Cailleacha’, a haistriúchán ar ‘The Witches’ le Roald Dahl, ag seoladh Leabhar Breac

 

Croí na féile, Club na Féile!

 

Ag teacht le chéile ag Club na Féile

 

Grá mo chroí thú an tOireachtas!

 

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: An 50 íomhá is fearr ó Oireachtas na Samhna 2017!'

  • Aine Ni Fhiannusa

    Fair play dhuit, a Sheáin Ó Mainnín agus do cheamara. Níor chuir tú isteach ar éinne ach tá na pictiúirí thuas ar fheabhas ar fad. Léiríonn siad íomhá iontach sona spraoiúil an Oireachtais. Chonaic mé thú anonn is anall go moch agus déanach san oíche agus tú fós ag obair gan stop. Go raibh míle maith agat arís le haghaidh an cuimhneacháin breá seo.