Gáidhlig ar Google Translate agus Manainnis ar InterGaelic

Tá os cionn 100 teanga ar fáil ar Google Translate anois, an Gháidhlig i measc

Keyboard TranslateTá os cionn 100 teanga ar fáil ar Google Translate anois agus tá an Gháidhlig i measc an 13 teanga nua a cuireadh leis an ríomhchlár uathoibríoch aistriúcháin an tseachtain seo.

Ní raibh ach ceithre theanga ar fáil sa bhliain 2006 nuair a seoladh Google Translate an chéad lá: an Béarla, an Araibis, an Rúisis agus an tSínis. Maíonn Google go bhfágann an t-uasdátú is déanaí ar an inneall aistriúcháin go bhfreastalaítear anois ar 99% de dhaonra an domhain ó thaobh teanga de agus gur féidir anois le 120 milliún duine teagmháil a dhéanamh ar líne ina dteanga féin.

Is iad an Habháís, an Amáiris, an Choirdis, an Chóisis, an Phaistis, an Chorsaicis, an Chirgisis, an Fhrealsainnis, an tSamóis, an Lucsambuirgis, an tSeoinis agus an tSindis na teangacha eile a cuireadh leis an ríomhchlár.

Idir an dá linn, tá teanga nua curtha le hinneall eile aistriúcháin freisin. D’fhoilsigh an tOllamh Kevin Scannell a fhoclóir Manainnis-Gaeilge ar líne níos luaithe an mhí seo agus is féidir anois abairtí agus ailt Mhanainnise a chur tríd an gcóras InterGaelic agus leagan Gaeilge a fháil.

Chruthaigh Michal Boleslav Měchura an acmhainn seo anuraidh agus tá an leagan Gáidhlig de ar fáil ó bhí mí Mheithimh na bliana seo caite ann. Tá InterGaelic i measc na bhfoclóirí atá in úsáid ar an suíomh multidict.net, a bhaineann úsáid as go leor foclóirí ar líne chun aistriúchán a chur ar fáil idir teangacha éagsúla.

Toisc go bhfuil InterGaelic dírithe go sonrach ar na teangacha Gaelacha, is fearr i bhfad é ná Google Translate, a cháintear go minic mar gheall ar an mí-úsáid a bhaintear as an uirlis.

Fág freagra ar 'Gáidhlig ar Google Translate agus Manainnis ar InterGaelic'