‘Gaeloideachas’ a thabharfar feasta ar an eagraíocht ar a dtugtaí ‘Gaelscoileanna Teo’

Maíonn an eagraíocht go dtugann an t-ainm nua ‘aitheantas d’fhearainn oibre iomlán na heagraíochta’

‘Gaeloideachas’ a thabharfar feasta ar an eagraíocht ar a dtugtaí ‘Gaelscoileanna Teo’

Tá glactha leis an moladh go dtabharfaí ‘Gaeloideachas’ feasta ar an gceanneagraíocht ‘Gaelscoileanna Teo’. Tá an t-athrú déanta cheana féin ar chuntais na heagraíochta ar na meáin shóisialta agus fógrófar an t-ainm nua go hoifigiúil ag seoladh oifigiúil chomhdháil bhliantúil na heagraíochta inniu i gCill Chainnigh.

Fógraíodh an mhí seo caite go raibh sé i gceist ag an eagraíocht rún a rith ag cruinniú urghnách an mhí seo leis an ainm a athrú. Ag an gcruinniú sin an tseachtain seo caite, glacadh leis an rún go ndéanfaí ainm na heagraíochta, Gaelscoileanna Teo. a athrú go Gaeloideachas agus go mbeadh ‘Guth don Oideachas Lán-Ghaeilge’ mar shluán acu.

Maíonn an eagraíocht go dtugann an t-ainm nua “aitheantas d’fhearainn oibre iomlán na heagraíochta”.

Oibríonn Gaeloideachas ar son scoileanna lán-Ghaeilge, idir bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna, sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di. Tá curaimí anois freisin ar an eagraíocht i dtaobh naíonraí lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.

Dúirt Uachtarán na heagraíochta, Cathnia Ó Muircheartaigh, go n-aithnítear “gur ainmbhranda láidir é Gaelscoileanna Teo.”, ach go bhfuil lánmhuinín ag an eagraíocht go rachfar “ó neart go neart” leis an ainm nua.

“Táimid an-bhuíoch do na baill uile a ghlac páirt sa chomhairliúchán faoi ainm na heagraíochta. Léiríonn a gcuid rannpháirteachta sa phlé seo tábhacht na ceiste dóibh agus mar eagraíocht táimid an-sásta gur éirigh linn aitheantas a thabhairt do mhianta na mball i dtaobh uileghabhálachta ainm na heagraíochta,” a dúirt sé.

Is é Méara Chill Chainnigh, Patrick O’Neill, a sheolfaidh Comhdháil Bhliantúil Gaelscoileanna Teo. agus COGG tráthnóna inniu i gCill Chainnigh. Beidh an Chomhdháil féin ar siúl ar an 11-12 Samhain i gCill Chainnigh.

Táthar ag súil le breis agus 300 toscaire “ó chuile chearn den tír” a bheith i láthair ag an gComhdháil an mhí seo chugainn “le tabhairt faoi fhorbairt ghairmiúil, gréasánú i measc a chéile agus clár breá siamsaíochta”.

Fág freagra ar '‘Gaeloideachas’ a thabharfar feasta ar an eagraíocht ar a dtugtaí ‘Gaelscoileanna Teo’'